Brollach

Tá áthas orainn na Treoirlínte do Mhuiriompar Paisinéirí Inrochtana seo a chur i láthair; creidimid go gcabhróidh siad go mór chun seirbhísí muiriompair paisinéirí níos fearr a chur ar fáil do phaisinéirí atá faoi mhíchumas luaineachta. Leis an Acht Míchumais 2005 tá bonn reachtúil curtha le hintinn an Rialtais go mbeidh Éire ina háit chónaithe níos fearr do dhaoine le míchumais nó faoi mhíchumas luaineachta.

Is é 'Rochtain Iompair do Chách' plean na Roinne Iompair le haghaidh rochtain a fheabhsú ar sheirbhísí iompair in Éirinn. Is iad a bheidh ar an bhFóram um Iompar Paisinéirí Muirí ionadaithe ó ranna Rialtais, ón Údarás Náisiúnta Míchumais, ó eagraíochtaí a ionadaíonn do dhaoine le míchumais, agus ó údaráis port agus ó oibreoirí soithí. Tá sé de cheanglas ar an bhFóram cur le tograí d'fheabhsuithe rochtana ar mhuiriompair paisinéirí, chomh maith le monatóireacht agus comhairle a chur ar fáil maidir leis na tograí. Tarraingíodh suas na Treoirlínte atá curtha i láthair anseo mar fhreagairt ar mholadh ón bhFóram agus tá siad bunaithe ar an bprionsabal 'Rochtain Iompair do Chách' a dhíríonn ar thuras ina iomláine.

Tá céim shuntasach chun tosaigh tógtha sna Treoirlínte seo chun a áirithiú go mbeidh rochtain ar fáil ag cách ar sheirbhísí muiriompair paisinéirí. Tá comhairle agus eolas praiticiúil go leor iontu agus cumadh iad mar phríomhthacaíocht do gach duine atá bainteach le seirbhísí muiriompair paisinéirí a sholáthar, lena n-áirítear úinéirí agus oibreoirí soithí paisinéirí, oibreoirí port agus údaráis áitiúla, chomh maith le ranna Rialtais ar a bhfuil cúram reachtúil maidir le seirbhísí muiriompair paisinéirí.

Clúdaíonn an comhairle a thugtar gach gné de thuras, lena n-áirítear comhairle maidir le heolas inrochtana a sholáthar le haghaidh turas a phleanáil, maidir le rochtain ar bord soithí a fheabhsú, maidir le rochtain a sholáthar ar áiseanna ar Tír Mór, maidir le hoiliúint don fhoireann i bhfeasacht mhíchumais, agus maidir le cumarsáid le paisinéirí a fheabhsú.

Ceanglaíonn seirbhísí muiriompair paisinéirí Éire le tíortha comharsanacha agus soláthraíonn siad seirbhísí rialta go dtí na hoileáin amach ón gcósta, do dhaoine áitiúla agus do chuairteoirí araon. Tá siad tábhachtach maidir le tuarasóireacht agus meas ar ár saol cultúrtha a chothú trí aistir agus thurais aeraíochta mhuirí. Tá na treoirlínte seo dírithe ar inbhuanaitheacht na príomhearnála seo a mhéadú agus ar chuidiú le rochtain ar an earnáil seo a sholáthar do i bhfad níos mó daoine chun go mbainfidís taithneamh aisti.

Noel Dempsey, T.D., Aire Iompair

Siobhan Barron Stiúrthóir, NDA



Back to top