Réamhrá

Cé dóibh na Treoirlínte seo?

Is é is cuspóir do na Treoirlínte seo cuidiú agus tacú le hoibreoirí muiriompair paisinéirí in Éirinn chun a gcuid seirbhísí a dhéanamh níos sorochtana do phaisinéirí faoi mhíchumas luaineachta. Is iad na daoine ar a bhfuil an doiciméad seo dírithe go príomha ná úinéirí, oibreoirí, lucht bainistíochta, criúnna agus foirne:

  • Soithí paisinéirí idirnáisiúnta a sheolann isteach go hÉirinn agus amach aisti
  • Soithí paisinéirí a oibríonn in Éirinn
  • Saoráidí calafoirt agus críochfoirt a láimhseálann seirbhísí paisinéirí
  • Cuanta, céanna agus áiteanna eile do dhul ar bord nó teacht i dtír ó shoithí paisinéirí

D'fhéadfadh na Treoirlínte a bheith úsáideach freisin do dhaoine a mbíonn seirbhísí inrochtana muiriompair paisinéirí de dhíth orthu, go háirithe do phaisinéirí faoi mhíchumas luaineachta, nuair a bhíonn turais mhuirí á bpleanáil acu. D'fhéadfadh na Treoirlínte seo a bheith úsáideach freisin do pháirtithe leasmhara eile, amhail údaráis áitiúla, gníomhaireachtaí le haghaidh turasóireacht a fhorbairt agus ranna ábhartha rialtais.

Céard atá folaithe sna Treoirlínte?

Soláthraíonn na Treoirlínte sa doiciméad seo comhairle agus eolas ar an gcleachtas is fearr. Is chun cuidiú le hoibreoirí muiriompair paisinéirí chun seirbhísí cuimsitheacha éasca le húsáid a sholáthar do phaisinéirí faoi mhíchumas luaineachta atá siad.

Is ionann daoine atá faoi mhíchumas luaineachta agus daoine nach mbíonn ach rochtain teoranta acu ar fheithiclí iompair a monaraíodh go traidisiúnta de dheasca deacrachtaí fisiceacha, céadfacha, foghlama nó cognaíocha (buana nó sealadacha). Daoine eile sa chatagóir seo ná iad siúd nach bhfuil ach rochtain teoranta acu de dheasca iad a bheith aosta nó iad a bheith ag taisteal le leanaí óga, nó a lán bagáiste nó málaí siopadóireachta a bheith acu. Úsáidtear na téarmaí 'paisinéir faoi mhíchumas luaineachta' agus 'duine faoi mhíchumas luaineachta' ar fud an doiciméid seo ag tagairt do gach duine den sórt sin.

Conas an doiciméad seo a úsáid?

Tá an doiciméad seo ina dhá chuid.

Míníonn Cuid a hAon, Eolas cúlra (caibidlí 1-3) cén fáth gur gá dúinn inrochtaineacht a fheabhsú, déanann sé cur síos ar na bacainní reatha i gcoinne rochtana agus leagann sé amach chomhthéacs dlí an chreata tacaíochta.

Ba chóir dóibh siúd ar suim leo inrochtaineacht muiriompair paisinéirí Cuid a hAon a léamh.

Tá caibidlí aonair i gCuid a Dó, Treoirlínte (caibidlí 4-9), a thugann treoirlínte le haghaidh codanna éagsúla de ghnó an mhuiriompair paisinéirí, mar seo a leanas:

  • Caibidil 4 - Soláthar Eolais
  • Caibidil 5 - Calafoirt, Cuanta agus Céanna
  • Caibidil 6 - Soithí
  • Caibidil 7 - Caidreamh le Custaiméirí
  • Caibidil 8 - Oiliúint Chomhionannais Mhíchumais
  • Caibidil 9 - Briseadh agus Éigeandáil

D'fhéadfadh léitheoirí díriú ar na míreanna ábhartha de Chuid a Dó, ag brath ar an ról atá acu agus na dualgais atá orthu. Tugtar achoimre ar na príomh-mholtaí ag deireadh gach caibidle. Tá mír 'Cén áit is ceart dul anois' i ngach caibidil freisin ina bhfuil eolas agus foinsí tugtha, maidir le treoir níos sainiúla agus níos mionsonraithe is féidir a leanúint.

Tá roinnt aguisíní sa doiciméad seo freisin; orthu san tá Liosta de Theagmhálacha Úsáideacha (Féach Aguisín 1) ina bhfuil sonraí teagmhála don chuid is mó de na heagraíochtaí náisiúnta ionadaíochta míchumais.



Back to top