Tá roinnt fáthanna ann gur chóir d'oibreoirí inrochtaineacht a gcuid seirbhísí a fheabhsú.
Ba chóir cothroime rochtana a bheith ag gach saoránach ar sheirbhísí muiriompair paisinéirí.
D'fhéadfadh muiriompar paisinéirí rochtain a cheadú ar obair, ar oideachas agus ar ghníomhaíochtaí fóillíochta. Tá sé tábhachtach go mbeadh rochtain ag daoine atá faoi mhíchumas luaineachta ar na saoráidí seo ar an dóigh céanna le gach duine eile.
Is maith an rud é don ghnó inrochtaineacht a fheabhsú.
Tá beagán níos lú ná 10 faoin gcéad den daonra faoi mhíchumas de chineál éigin (Daonáireamh 2006). Dá bharr san, má dheartar agus má bhainistítear seirbhísí agus saoráidí go cuí chun freastal ar gach aon duine, gan aird ar chumas nó ar mhíchumas, d'fhéadfadh siad 10 faoin gcéad de chustaiméirí sa bhreis a mhealladh.
Tá próifíl phaisinéirí (agus paisinéirí féideartha) an mhuiriompair ag athrú. Tá líon na bpaisinéirí faoi mhíchumas luaineachta ag méadú agus tá líon na ndaoine breacaosta sa daonra ag méadú freisin. De bharr na n-athruithe déimeagrafacha seo beidh gá le feabhas ar inrochtaineacht na seirbhísí muiriompair paisinéirí. D'fhéadfadh feabhsuithe dá leithéid paisinéirí a mhealladh nach smaoineodh roimhe seo ar úsáid a bhaint as muiriompar. Spreagfar paisinéirí reatha, a d'fhéadfadh a bheith nó gan a bheith faoi mhíchumais, níos mó turas a dhéanamh de mhuiriompar, de réir mar a éiríonn sé níos éasca é a úsáid.
Caithfidh oibreoirí iompair gan leithcheal a dhéanamh ar aon duine ar bhonn a mhíchumais (faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann 2000 -2004).
Ina Plean Earnála a tarraingíodh suas faoin Acht um Míchumas 2005 (2008 an uair dheireanach a athbhreithníodh é), dúirt an Roinn Iompair go mbeidh oibleagáidí um sholáthar inrochtaineachta ar gach oibreoir seirbhísí iompair phoiblí, príobháideach nó poiblí. Cuireann an Plean Earnála béim ar na buntáistí a bheadh ar fáil do go leor taistealaithe (ní do phaisinéirí faoi mhíchumas luaineachta amháin) ó sheirbhísí inrochtana a bheadh deartha go cuí. Is é cuspóir na Roinne ná go gcaithfidh gach oibreoir iompair do phaisinéirí an méid inrochtaineachta is mó is féidir a sholáthar, ag cur san áireamh acmhainní a bheith ar fáil, srianta de dheasca tosaíochtaí atá in iomaíocht agus rialacha na praiticiúlachta. Míníonn an Plean Earnála coincheap an 'Rochtain Iompair do Chách' mar seo a leanas:
Baineann tairbhe na hinrochtaineachta feabhsaithe iompair le gach úsáideoir iompair, fiú leo siúd is inniúla, agus baineann ceisteanna faoi inrochtaineacht iompair le i bhfad níos mó ná riachtanais na bpaisinéirí atá faoi mhíchumas luaineachta. Baineann siad le riachtanais iompair an phobail go léir mar, i gcás an chuid is mo de dhaoine, ag pointe éigin ina saol, is dócha go dtiocfaidh lagú fisiceach nó lagú eile éigin orthu nó go mbeidh bac orthu i slí éigin agus go mbeidh sé deacair dóibh, nó dodhéanta fiú, taisteal ar fheithiclí a d'fhéadfaí feithiclí iompair de chineál 'traidisiúnta' a thabhairt orthu. Is amhlaidh an cás go háirithe de réir mar a théann daoine in aois. Is amhlaidh freisin go bhfuil comhghaolmhaireacht ard idir aois agus míchumas.
D'fhonn rochtain ar mhuiriompar paisinéirí a fheabhsú le haghaidh daoine faoi mhíchumas luaineachta, is gá athrú a dhéanamh; cruthaíonn sé seo dúshláin a chaithfear a bhainistiú. Is féidir déileáil leis na dúshláin mar seo: