Caibidil 2 - Bacainní ar Thaisteal

2.1 Réamhrá

Nuair a bhíonn daoine faoi mhíchumas luaineachta ag taisteal, bíonn na hionchais chéanna acu is a bhíonn ag daoine eile. Bíonn siad ag súil go mbeidh siad ábalta an teach a fhágáil, an port nó pointe bordála a shroichint, dul ar bord an tsoithigh, taisteal go sábháilte agus go compordach, tuirlingt den tsoitheach agus a gceann scríbe a shroichint gan deacrachtaí. Caithfidh muinín a bheith ag paisinéirí faoi mhíchumas luaineachta, go háirithe, go n-oibreoidh gach céim den turas go héifeachtach agus go rialta. Má bhíonn bacainne ag baint le mír amháin fiú de thuras, ansin roghnóidh roinnt paisinéirí modh taistil eile (nuair is ann dó) nó ní thaistealóidh siad ar chor ar bith.

Figiúr 2.1: léaráid shlabhra an taistil: céimeanna éagsúla an turais i soitheach.

Mura n-éiríonn go maith le duine a bhaineann úsáid nó a dhéanann iarracht úsáid a bhaint as muiriompar, d'fhéadfaidís muinín sa mhuiriompar a chailliúint. D'fhéadfadh an duine sin glacadh leis nach féidir leo brath ar mhuiriompar chun freastal ar a riachtanais taistil, agus d'fhéadfadh an easpa seirbhíse iompair iontaofa cur isteach ar a gcaighdeán saoil.

D'fhéadfadh bacainní sa chóras muiriompair cosc a chur ar phaisinéirí faoi mhíchumas luaineachta úsáid a bhaint as seirbhísí muiriompair paisinéirí. Cuireann bacainní éagsúla isteach ar phaisinéirí faoi mhíchumais áirithe i slite éagsúla - tugtar roinnt samplaí anseo.

  • Tá staighrí nó céimeanna ina mbacainní ar úsáideoirí cathaoireacha rothaí. D'fhéadfaidís deacracht a chruthú freisin do dhuine ar a bhfuil lagú radhairc, ach d'fhéadfaí an deacracht sin a laghdú má ghabhann lámhráillí dea-chumtha, comharthaí cuí rabhaidh tadhlacha agus codarsnachtaí datha nó toin leis na staighrí
  • D'fhéadfadh faisnéis infheicthe amhail cárta faisnéise sábháilteachta nó comhartha dorais éalaithe gan mhalairt inchloiste ar bith deacracht mhór a chruthú do dhuine le lagú radhairc
  • D'fhéadfadh glaonna bordála nó fógraí eile a thugtar ar chóras fógartha poiblí fadhb a chruthú do phaisinéirí atá bodhar nó faoi mhíchumas éisteachta agus do phaisinéirí faoi mhíchumas intleachta
  • Tá dalladh ó scáileán gloine ag cuntar ticéad ina fhadhb do phaisinéirí atá bodhar nó faoi mhíchumas éisteachta mar nach féidir leo aghaidh an duine eile a fheiceáil le haghaidh leideanna amhairc nó léimh bheola. Is fadhb freisin é do roinnt paisinéirí le lagú radhairc mar d'fhéadfadh nach mbeadh a radharc iarmharach chomh héifeachtach san
  • D'fhéadfadh comharthaíocht lochtach, go háirithe comharthaíocht gan phicteagraim chuí, a bheith ina bacainn do dhaoine faoi mhíchumas intleachta
  • Má tá leagan amach casta ag críochfort, d'fhéadfadh paisinéirí níos mó siúlóide a dhéanamh ná mar ba ghá, agus d'fhéadfadh sé seo a bheith ina fhadhb dóibh siúd le deacrachtaí siúlóide. D'fheadfadh leagan amach casta fadhbanna a chruthú freisin dóibh siúd faoi mhíchumas intleachta, a d'fhéadfadh a slí a chailliúint; agus dóibh siúd le lagú radhairc nach mbeadh ábalta leideanna amhairc nó comharthaíocht a thuiscint

Maidir le daoine faoi mhíchumas luaineachta, tá ceithre chatagóir bacainní ar iompar i gceist:

1

Bacainní fisiceacha

2

Bacainní a cruthaíodh le beartais, le nósanna imeachta agus le córais

3

Bacainní maidir le rochtain ar eolas

4

Bacainní de bharr dearcadh lucht bainistíochta, foirne nó custaiméirí

2.2 Conas a chruthaíonn an timpeallacht fhisiceach bacainní?

Cuimsíonn bacainní fisiceacha:

  • Céimeanna agus staighrí
  • Doirse cúnga
  • Doirse troma
  • Deasca arda seirbhíse custaiméirí
  • Stangairtí géara nó cúnga

Tá bacainní eile ann fosta nach bhfuil chomh soiléir sin, amhail:

  • Leagan amach casta críochfoirt
  • Soilsiú neamhleor
  • Easpa suíochán
  • Codarsnacht lochtach datha nó toin
  • Comharthaíocht neamhleor

Ba cheart go gcuirfidís siúd atá freagrach as soithí nua a cheannach nó saoráidí poirt a thógáil riachtanais na bpaisinéirí faoi mhíchumas luaineachta a chur san áireamh. Áiritheoidh sé seo go mbeidh rochtain ag gach custaiméir ar shaoráidí nua, lena n-áirítear daoine breacaosta, tuismitheoirí le leanaí óga agus paisinéirí le bagáiste trom. Nuair a bhíonn soitheach nua á fháil, nó críochfort nua á dhearadh, tá deis bhreá ann díriú ar inrochtaineacht, ar chostas réasúnta. Go minic is féidir gnéithe inrochtaineachta a chomhtháthú sa dearadh úrnua i slí a dhéanann an taisteal níos deise do gach paisinéir. Mura ndéantar an deis a thapú nuair a bhíonn an dearadh á dhéanamh, d'fhéadfaí costais mhóra a thabhú d'fhonn gnéithe inrochtaineachta a chur ar fáil am éigin níos déanaí.

2.3 Conas a dhéanann beartais, nósanna imeachta agus córais bacainní a chruthú?

Féadann beartais, nósanna imeachta agus córais bacainní a chruthú do phaisinéirí faoi mhíchumas luaineachta i dtimpeallacht an mhuiriompair.

Mar shampla, d'fhonn uaireanta bordála a íoslaghdú agus líon foirne a laghdú, d'fhéadfadh oibreoir iachall a chur ar phaisinéirí a dticéid a cheannach ag oifig ticéad sula dtéann siad ar bord soithigh. Má bhíonn an oifig ticéad thuas nó thíos roinnt céimeanna, nó má bhíonn an cuntar ticéad ró ard chun úsáideoir cathaoireach rotha a fheiceáil, ansin beidh an dualgas um thicéad a cheannach roimh dhul ar bord ina dheacracht d'úsáideoirí cathaoireach rotha. D'fhéadfaí an bhacainn seo a laghdú má thuigeann an fhoireann nach mbeadh paisinéirí áirithe ábalta ticéad a cheannach roimh ré. D'fhéadfadh saoráid ar líne chun ticéid a chur in áirithe a bheith cabhrach freisin mar bhealach malartach díolacháin do chustaiméirí a bhfuil rochtain acu ar an Idirlín. Féadann beartais, nósanna imeachta agus córais maidir le seirbhís ardchaighdeáin do chustaiméirí a bheith cabhrach i gcás rochtana lochtaí sa timpeallacht fhisiceach (mar bhearta sealadacha), go dtí gur féidir athruithe a dhéanamh ar an timpeallacht fhisiceach.

2.4 Bacainní maidir le rochtain ar eolas

Caithfidh faisnéis do chustaiméirí (lena n-áirítear fógraíocht, cláir ama, sonraí um thicéadú, faisnéis sábháilteachta agus mar sin de) a bheith cruinn, comhsheasmhach agus inrochtana ag cách. Ba chóir aghaidh a thabhairt ar cheisteanna maidir le dóthanacht, infhaighteacht agus formáidiú faisnéise, méid agus dath an téacs, agus an cineál páipéir a úsáidtear d'fhonn a áirithiú go ndéantar freastal ar riachtanais gach paisinéara. Is féidir suíomhanna Gréasáin a dhearadh go cruthaitheach ionas gur féidir le daoine atá dall nó a bhfuil lagú radhairc acu agus a úsáideann teicneolaíocht léite scáileáin iad a úsáid go rathúil.

2.5 Conas a dhéanann dearcadh daoine bacainní a chruthú?

Is mór an feabhas atá tagtha ar dhearcadh an phobail ar dhaoine faoi mhíchumais le fiche nó tríocha bliain anuas. Tá roinnt daoine ann fós, ámh, a cheapann nár chóir go mbeadh paisinéirí faoi mhíchumas luaineachta ag baint úsáide as iompar príomhshrutha leo féin - nó gur chóir dóibh bheith ag baint úsáide as cineál éigin eile d'iompar speisialta. Tá daoine ann freisin a ghlacann leis go mícheart nach bhfuil duine le míchumas follasach freagrach as a c(h)uid gnó féin, agus is le cúntóir nó le páirtí an duine leis an míchumas a dhéileálfaidh siad.

Is féidir foireann a oiliúint d'fhonn níos mó a thuiscint faoi na bacainní a bhíonn roimh phaisinéirí faoi mhíchumas luaineachta. Ba chóir go gcabhródh ceannaireacht láidir agus oiliúint foirne chun na bacainní seo a shárú.



Back to top