Caibidil 3 - An Creat Tacaíochta

3.1 Cén reachtaíocht a bhaineann le muiriompar paisinéirí?

I ndiaidh don Rialtais a Straitéis Náisiúnta um Míchumas a lainseáil i mí Mheán Fómhair 2004, d'eisigh an tAire Iompair Plean Earnála na Roinne Iompair, de réir mar a ceanglaíodh leis an Acht um Míchumas 2005. Sa phlean seo, a nuashonraíodh sa bhliain 2008, deir an tAire:

'... go bhfuil an Roinn tiomanta do sheirbhísí inrochtana iompair phoiblí a fhorbairt go cuimsitheach le haghaidh an líon daoine is mó is féidir, agus na catagóirí is mó is féidir, díobh siúd a bhfuil lagú luaineachta agus céadfach acu, chomh tapaidh agus is féidir, agus srianta acmhainní, teicniúla agus eile á gcur san áireamh.'

Cuireann an Roinn i bhfios go láidir go mbaineann tairbhe na hinrochtaineachta feabhsaithe iompair le gach úsáideoir iompair. Deir an Plean Earnála freisin go bhfuil sé dosheachanta nach mbeifear ábalta freastal ar roinnt daoine ar gach seirbhís iompair, de dheasca dhéine nó nádúr a gcuid míchumas. I gcásanna dá leithéid, caithfear gach iarracht a dhéanamh chun daoine atá ar intinn taisteal a chur ar an eolas roimh ré faoi na srianta ar inrochtaineacht, agus chun seirbhís a chur ar fáil don líon paisinéirí faoi mhíchumas luaineachta is mó is féidir.

Leagann an tAcht um Míchumas 2005 oibleagáidí áirithe ar chomhlachtaí poiblí freisin chun inrochtaineacht a áirithiú maidir le foirgnimh, seirbhísí agus eolas.

  • Le hAlt 25 den Acht ceanglaítear ar chomhlachtaí poiblí a áirithiú go gcomhlíonfaidh foirgnimh phoiblí na rialacháin fhoirgníochta Cuid M faoi 2015
  • Le hAlt 26 den Acht ceanglaítear ar chomhlachtaí poiblí Oifigeach Rochtana a cheapadh, agus a áirithiú go dtugtar rochtain chomhtháite ar an tseirbhís do dhaoine atá faoi mhíchumais agus do dhaoine nach bhfuil, araon
  • Le hAlt 27 den Acht ceanglaítear ar chomhlachtaí poiblí, maidir le hearraí nó le seirbhísí a dhéantar a sholáthar do na comhlachtaí sin, a áirithiú go mbíonn rochtain ag daoine le míchumais orthu
  • Le hAlt 28 den Acht ceanglaítear ar chomhlachtaí poiblí a áirithiú, maidir le faisnéis a thugtar do dhaoine faoi mhíchumais chéadfacha nó chognaíocha, go gcuirfear ar fáil i bhfoirmeacha éagsúla í ar iarratas

Faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann 2000 - 2004 tá sé neamhdhleathach idirdhealú a dhéanamh ar aon bhonn acu seo: inscne, stádas pósta, stádas teaghlaigh, claonadh gnéasach, creideamh, aois, míchumas, cine nó ballraíocht den Lucht Siúil, nuair a bhítear ag soláthar earraí nó seirbhísí don phobal. Treoraíonn an tÚdarás Comhionannais:

'... go gcaithfidh duine a bhíonn ag díol earraí nó ag soláthar seirbhísí gach rud réasúnta a dhéanamh chun freastal ar na riachtanais a bhíonn ag duine faoi mhíchumas. Bheadh sé i gceist leis seo cóireáil nó saoráidí speisialta a sholáthar i gcás, ina n-éagmais siúd, go mbeadh sé dodhéanta nó an-deacair úsáid a bhaint as na seirbhísí.'

3.2 Reachtaíocht a bhaineann le soithí paisinéirí

Tá roinnt bearta reachtacha agus neamhreachtacha ann cheana a bhaineann le hinrochtaineacht soithí paisinéirí.

Reachtaíocht reatha le haghaidh soithí paisinéirí a bhíonn ag gabháil ar thurais idirnáisiúnta

Is cuma iad a bheith cláraithe in Éirinn nó in áit eile, tá soithí a bhíonn ag gabháil ar thurais idirnáisiúnta faoi réir ag comhaontuithe idirnáisiúnta. Cuimsíonn siad seo moltaí maidir le dearadh agus le hoibríocht soithí paisinéirí mar fhreagairt ar riachtanais daoine breacaosta agus daoine faoi mhíchumas mar atá leagtha amach i gCiorclán MSC/735 den 24/06/1996 leis an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO).

Reachtaíocht reatha le haghaidh soithí paisinéirí baile

Tá na rialacha agus na caighdeáin le haghaidh soithí paisinéirí baile faoi réir ag Treoir 98/18/CE an AE arna leasú le 2003/24/CE. Trasuíodh an Treoir seo isteach i ndlí na hÉireann trí Ionstraim Reachtúil Uimhir 716 de 2004. Tá an Treoir dírithe ar chatagóirí áirithe de shoithí paisinéirí nach mbíonn ag gabháil ar thurais idirnáisiúnta, agus leagann sí amach caighdeáin ghinearálta chun cabhrú le paisinéirí faoi mhíchumas luaineachta. Maidir le catagóirí de shoithí paisinéirí baile nach bhfuil cuimsithe ag an Treoir, lorgaíonn Oifig na Suirbhéireachta Muirí go ndéanfar an Treoir a chomhlíonadh go deonach nuair a bhíonn soithí dá leithéid á dtógáil.

Reachtaíocht nua mholta

1. Tograí ón AE maidir le cearta paisinéirí muirí

Ag éirí as scrúdú ar chearta paisinéirí idirnáisiúnta muirí, lena n-áirítear paisinéirí faoi mhíchumas luaineachta, tá na lochtanna sa treoir reatha (Treoir 2003/24/CE ón AE) ar rialacha agus caighdeáin sábháilteachta le haghaidh soithí paisinéirí aitheanta ag Coimisiún na hEorpa. Tá Rialachán beartaithe, ar chearta paisinéirí i limistéir an mhuiriompair a neartú, lena n-áirítear cearta daoine faoi mhíchumas luaineachta, faoi chaibidil ag leibhéal an AE.

Molann an Rialachán atá beartaithe cearta a thabhairt do phaisinéirí muirí a bheadh cosúil leis na cearta atá ag paisinéirí aeir agus iarnróid cheana féin faoi dhlí an AE. Is í an aidhm atá leis seo ná an muiriompar a dhéanamh níos tarraingtí agus muinín an phobail ann a mhéadú, chomh maith leis an deis chéanna a bheith ag iompróirí muirí ó bhallstáit éagsúla, agus an deis chéanna a bheith ag an muiriompar agus a bheadh ag na modhanna iompair eile. Cuimsíonn an togra seirbhísí tráchtála paisinéirí muirí agus seirbhísí tráchtála uiscebhealaí intíre, idirnáisiúnta agus baile araon, agus déanann sé foráil lena n-aghaidh seo a leanas:

  • Inrochtaineacht, neamh-idirdhealú agus cúnamh do dhaoine le míchumas agus do dhaoine faoi mhíchumas luaineachta.
  • Oibleagáidí ar iompróirí i gcás cealaithe nó moille
  • Oibleagáidí ar iompróirí paisinéirí a chur ar an eolas maidir lena gcearta
  • Gearáin
  • Forfheidhmiú

2. Tograí le haghaidh reachtaíochta náisiúnta maidir le hinrochtaineacht soithí paisinéirí

Mar a luadh cheana, ceanglais inrochtaineachta a chomhlíonadh go deonach atá i gceist maidir le soithí paisinéirí baile áirithe. Mura bhfuil sé soiléir, ámh, go bhfuil an cur chuige deonach ag feidhmiú i gceart, tabharfaidh reachtaíocht nua atá beartaithe, a foilsíodh i mí na Bealtaine 2009, cumhacht don Aire Iompair chun rialacháin a thabhairt isteach a chuimseodh caighdeáin nó ceanglais a bheidh dírithe ar inrochtaineacht fhaisnéise roimh thuras a fheabhsú, ar sholáthar ardaitheoirí, ar chéimeanna agus staighrí, ar fhógraí sábháilteachta, ar chomharthaíocht agus mar sin de.

3.3 An Fóram um Iompar Paisinéirí Muirí

Bunaíodh an Fóram um Iompar Paisinéirí Muirí sa bhliain 2006 chun maoirsiú a dhéanamh ar fhorfheidhmiú agus ar athbhreithniú na míre Muirí den Phlean Earnála de chuid na Roinne Iompair. Is iad atá sa bhFóram ionadaithe ó eagraíochtaí míchumais, ó chuideachtaí long paisinéirí, ó sholáthróirí seirbhísí poirt, ó ranna ábhartha rialtais agus ón Údarás Náisiúnta Míchumais. Tugann tuarascáil an Fhóraim (a foilsíodh sa bhliain 2008, ar fáil ar shuíomh Gréasáin na Roinne Iompair http://www.transport.ie) forbhreathnú ar obair an Fhóraim um Iompar Paisinéirí Muirí ón uair a bunaíodh é. Cuimsíonn an tuarascáil:

  • Eolas faoi obair a rinneadh ar son an Fhóraim a bhaineann leis na leibhéil reatha rochtana ar líon samplach soithí paisinéirí baile a ndearnadh iniúchtaí rochtana orthu
  • Eolas faoi obair a phleanáil na ceithre phort idirnáisiúnta agus a thóg orthu féin, ar thionscadail feabhsaithe inrochtaineachta
  • Moltaí um shlite chun feabhas a chur ar inrochtaineacht in earnáil an mhuiriompair paisinéirí

Tá an Roinn Iompair, ag gníomhú ar mholadh ón bhFóram, tar éis roinnt cúrsaí oiliúna i bhfeasacht mhíchumais a chur ar fáil d'oibreoirí agus do chriúnna long timpeall na tíre, agus tá sí ag dul ar aghaidh le hobair ar mholtaí eile an Fhóraim, lena n-áirítear na Treoirlínte seo agus iniúchtaí rochtana ar shoithí paisinéirí.



Back to top