Caibidil 4 - Soláthar Eolais

4.1 Réamhrá

Tá sé ríthábhachtach do dhaoine a bhíonn ag taisteal ar gach cineál iompair lena n-áirítear muiriompar paisinéirí go mbeadh eolas soiléir gonta cruinn tráthúil acu. Maidir le paisinéirí faoi mhíchumas luaineachta, d'fhéadfadh gurb ionann eolas ardchaighdeáin agus an difríocht idir beith ábalta turas a dhéanamh agus gan a bheith.

Is féidir eolas faoin dtimpeallacht iompair a roinnt i dtrí leibhéil:

  • Eolas ar leibhéal 1, amhail faisnéis phráinneach sábháilteachta nó long nó soitheach a bheith díreach ag imeacht
  • Eolas ar leibhéal 2, amhail eolas ginearálta faoi chláir ama, eolas faoi conas gearán a dhéanamh agus faisnéis ghinearálta sábháilteachta
  • Eolas ar leibhéal 3, amhail fógraíocht

Tá sé tábhachtach go mbeadh na trí leibhéil faisnéise seo idirdhealaithe go soiléir. Maidir le faisnéis riachtanach, go háirithe faisnéis sábhailteachta, ba chóir go mbeadh sé éasca teacht uirthi, agus níor chóir go mbeadh sí ceilte ag fógraíocht.

4.2 Cén fáth go bhfuil tábhacht le faisnéis?

Féadann eolas inrochtana a ligeann do phaisinéirí, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas luaineachta, turais a dhéanamh go sábháilte agus go rathúil muinín sa chóras muiriompair paisinéirí a chothú. Ceadaíonn faisnéis chruinn mhionsonraithe taisteal neamhspleách, agus ceadaíonn sé do dhaoine gan a bheith ag brath chomh mór san ar fhoireann agus ar phaisinéirí eile. Cuireann sé le sábháilteacht paisinéirí freisin trí laghdú a dhéanamh ar an riosca go dtarlódh rudaí, amhail paisinéirí ag dul ar fán isteach in áiteanna guaiseacha oibre ar bord loinge nó ar Tír Mór. Nuair nach mbíonn seirbhís iompair go hiomlán inrochtana, tá sé tábhachtach go dtuigfeadh paisinéirí na lochtanna inrochtaineachta sula dtéann siad ar an turas. Ba chóir d'oibreoirí a chur i bhfios do phaisinéirí cé chomh inrochtana is atá an tseirbhís atá á soláthar acu.

Ní bhíonn ar thromlach na bpaisinéirí a bheith ag brath ar aon fhoinse eolais amháin . Mar shampla, cloiseann siad fógra agus deimhnítear an fógra sin le leideanna amhairc sa timpeallacht. D'fhéadfadh daoine le lagú radhairc gan aon tairbhe a bhaint as na leideanna amhairc seo, ámh, agus caithfidh siad a bheith ag brath go hiomlán ar an bhfógra. Leideanna amhairc seachas fógra inchloiste a bheidh de dhíth ar dhaoine atá bodhar nó faoi mhíchumas éisteachta. Má tá an fógra doiléir nó mura ndéantar é a fhógairt, d'fhéadfadh sé a bheith ina bhonn le mearbhall nó briseadh amhail bordáil nó nasc a chailliúint.

4.3 Conas is ceart eolas a sholáthar?

Nuair a bhíonn foinsí nua eolais á ndearadh (amhail bileog nua chlár ama nó suíomh Gréasáin nua) tugann sé deis a áirithiú go mbíonn rochtain ag cách ar eolas, ar an gcostas is ísle. Ba chóir go sonródh treoracha an deartha na riachtanais maidir le stíl, ábhar agus formáidiú na faisnéise d'fhonn an inrochtaineacht a uasmhéadú.

Faisnéis shoiléir

Is ionann faisnéis shoiléir agus faisnéis inléite sothuigthe. Ba chóir go mbeadh faisnéis le haghaidh paisinéirí scríofa i gcaint dhíreach. Tugann an Ghníomhaireacht Náisiúnta um Litearthacht d'Aosaigh (NALA) treoirlínte ar a suíomh Gréasáin maidir le Béarla díreach a scríobh. Cuimsíonn na treoirlínte seo abairtí gearra agus gnáthchaint a úsáid agus gan béarlagair a úsáid.

Cé gur féidir le fógraíocht tráchtála a bheith ina foinse thábhachtach ioncaim, is féidir le fógraíocht atá ró-mhór chun tosaigh nó sa tslí seachmall a chur ar phaisinéirí a bhíonn ag brath ar fhaisnéis infheicthe shoiléir nuair a bhíonn turas á dhéanamh acu. Má thugtar an seasamh céanna d'eolas cúlra is a thugtar d'eolas díreach, d'fhéadfadh an t-eolas díreach (lena n-áirítear athruithe ar chlár ama nó fógraí faoi bhristeacha) gan a bheith soiléir agus sothuigthe go leor. Bainfidh gach paisinéir tairbhe as má chuirfear eolas in iúl go soiléir.

Faisnéis ghonta

Ba chóir eolas a bheith ina eolas iomlán ach a bheith gonta agus ábhartha. Tá sé deacair do dhaoine an iomad eolais a thuiscint. Is féidir le siombailí caighdeánacha cuidiú le paisinéirí chun teacht ar shaoráidí tábhachtacha amhail seomraí folctha agus doirse éalaithe go tapa.

Eolas cruinn comhsheasmhach

Ba cheart go mbeadh gach eolas a thugtar cruinn agus comhsheasmhach. D'fhéadfadh eolas míchruinn seachmall a chur ar dhaoine nó fiú iad a fhágáil trína chéile. D'fhéadfadh eolas neamh-chomhsheasmhach cur le strus paisinéara, go háirithe má chuirtear moill ar thurais. Cuideoidh téarmaíocht nó picteagraim, má úsáidtear iad go comhsheasmhach, chun eolas a chur in iúl go héifeachtach do gach paisinéir.

Tráthúil agus cruinn

Go ginearálta, ba chóir eolas a chur ar fáil nuair a bhíonn sé ag teastáil - mar shampla, ag an bpointe imeachta ar thuras. Ba mhaith le roinnt mhaith paisinéirí faoi mhíchumas luaineachta, ámh, go bhfaighidís eolas faoin turas atá ar intinn acu go maith roimh ré. Má bhíonn, mar shampla, ardaitheoir nó leithreas as feidhm, caithfear paisinéirí faoi mhíchumas luaineachta a chur ar an eolas go tapa faoi roghanna malartacha.

4.4 Cé hiad na daoine ar chóir dóibh an t-eolas a thabhairt?

Níl sé praiticiúil a bheith ag súil go mbeidh an fhoireann go Iéir ábalta bheith ar an eolas faoi na seirbhísí go léir nó ábalta freagra a thabhairt ar gach ceist a d'fhéadfadh paisinéirí a chur. Ba cheart, ámh, go mbeadh gach ball foirne ábhartha a bheith ábalta a rá le paisinéirí faoi mhíchumas luaineachta cá bhfaighidh siad an t-eolas atá uathu, nó ball foirne eile a fháil atá ábalta cuidiú. Chomh maith leis sin, ba cheart go mbeadh a fhios ag gach ball foirne ábhartha conas eolas a thabhairt do phaisinéirí atá faoi mhíchumas luaineachta. Is féidir le hoiliúint a bheith an-chabhrach chun a áirithiú go dtuigeann an fhoireann riachtanais na bpaisinéirí atá faoi mhíchumas luaineachta agus gur féidir leo pé eolas a bhíonn ó na paisinéirí sin a sholáthar.

Ba cheart go mbeadh beartais agus nósanna imeachta i bhfeidhm ag oibreoir chun a áirithiú go mbíonn eolas riachtanach ar fáil ar iarratas sna formáidí agus sna meáin is mó éileamh, agus go mbíonn gach eolas eile ar fáil ar iarratas i bhformáidí malartacha. Tá sé éasca formáidí áirithe (amhail prionta mór) a chur ar fáil ar iarratas. Le haghaidh formáidí eile, amhail Braille nó formáidí 'éasca le léamh', teastaíonn a lán ullmhúcháin agus aga tionscanta fada go leor.

Tá ceangaltas dlí ann a áirithiú go gcuirtear gach paisinéir ar an eolas faoi sholáthairtí agus nósanna imeachta sábháilteachta. Caithfidh oibreoirí a áirithiú go gcuirtear eolas sábhailteachta in iúl do gach paisinéir, lena n-áirítear iad siúd le lagú radhairc nó éisteachta.

4.5 Cén t-eolas is ceart a sholáthar agus cathain?

Tá ceithre phríomhócáid ar a mbíonn gá ag paisinéirí, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas luaineachta, le heolas:

  • Roimh an turais
  • Ag an gcríochphort farantóireachta, port, cuan nó cé
  • Ar an soitheach
  • Ar shroicheadh an chinn scríbe

Is é an t-eolas is ceart a sholáthar ar gach ócáid díobh seo ná:

Roimh an turais

  • Fógraíocht
  • Pleanálaí turas atá éasca le húsáid
  • Eolas faoi chlár ama - bealaí, uaireanta agus mar sin de
  • Eolas faoi naisc le modhanna iompair eile (lena n-áirítear iarnród, iarnród éadrom, bus, tacsaí agus fruilcharr)
  • Eolais faoi riachtanais amhail ceannach ticéad, táillí, áirithintí, suíocháin a chur in áirithe, agus mar sin de
  • Eolas faoi shrianta ar bith ar úsáideoirí saorthaistil
  • Sonraí maidir leis an gcúnamh atá ar fáil agus conas an cúnamh sin a fháil
  • Eolas inrochtaineachta maidir le saoráidí, seirbhísí agus roghanna malartacha
  • Saoráidí ar fáil: Ardaitheoirí, suíocháin, seirbhísí, leithris, siopaí - ar bord an tsoithigh agus ag an gcuan, port nó cé
  • Eolas faoi conas gearán a dhéanamh

Ag an gcríochphort farantóireachta, port, cuan nó cé

  • Eolas faoi sheirbhís agus faoi chlár ama - teacht agus imeacht, bealaí agus cinn scríbe
  • Treoracha maidir le cúnamh a fháil
  • Treoracha maidir le ticéid a cheannach - go háirithe ag meaisíní / bothanna ticéad
  • Eolas faoi bhordáil, díbhordáil agus feitheamh sábhailte
  • Eolas inrochtaineachta maidir leis na saoráidí agus seirbhísí atá ar fáil
  • Faisnéis infheicthe agus faisnéis inchloiste faoi mhoill, lena n-áirítear cé chomh fada is a mhairfidh an mhoill
  • Treoracha infheicthe agus treoracha inchloiste faoi céard ba cheart a dhéanamh i gcás bristeacha
  • Uimhreacha gutháin úsáideacha agus líne chabhrach
  • Eolas faoi conas gearán a dhéanamh

Ar an soitheach

  • Comharthaíocht sheachtrach shoiléir a thaispeánann ceann / cinn scríbe an tsoithigh
  • Treoracha maidir le cúnamh a fháil
  • Faisnéis infheicthe agus faisnéis inchloiste roimh an gceann scríbe a shroichint
  • Suíomh agus sonraí na saoráidí ar bord
  • Faisnéis infheicthe agus faisnéis inchloiste faoi mhoill, lena n-áirítear cé chomh fada is a mhairfidh an mhoill
  • Treoracha infheicthe agus treoracha inchloiste faoi céard ba cheart a dhéanamh i gcás éigeandála
  • Eolas faoi conas gearán a dhéanamh

Ar shroicheadh an chinn scríbe

  • Eolas faoi sheirbhísí nasctha (lena n-áirítear iarnród, iarnród éadrom, bus, tacsaí agus fruilcharr)
  • Sonraí maidir le haiseolas a thabhairt nó gearán a dhéanamh

4.6 Cá háit is ceart eolas a sholáthar?

Ba chóir go mbeadh sé éasca teacht ar eolas. Is féidir eolas a thabhairt trí mheicníochtaí éagsúla (amhail suíomhanna Ghréasáin, bileoga, comharthaíocht agus mar sin de) agus ag suíomhanna éagsúla amhail cuntair phoiblí (le córais lúb ionduchtúcháin chun freastal ar dhaoine le háiseanna éisteachta), córais fógartha poiblí, córais ciúála, gutháin agus teirminéil rochtana poiblí. D'fhéadfadh ceisteanna éagsúla inrochtaineachta a eascairt i gcás gach meicníochta. Mar shampla, caithfidh oibreoir muiriompair paisinéirí a áirithiú go mbíonn eolas a thugtar ar scáileáin nó boird taispeána leictreonacha ar fáil freisin i bhformáidí eile do dhaoine le lagú radhairc.

Caithfidh eolas ar leith faoi conas cúnamh a fháil a bheith ar fáil. Mar shampla, caithfidh paisinéirí le fadhbanna seasaimh a fhios a bheith acu cé na suíocháin a bheidh ar fáil. Is féidir é a bheith deacair uaireanta do phaisinéirí mioneolas a fháil faoi na saoráidí a bheidh ar fáil.

Má déantar éasca é do dhaoine an t-eolas atá ag teastáil a fháil, spreagfar níos mó paisinéirí atá faoi mhíchumas luaineachta chun úsáid a bhaint as seirbhísí muiriompair. Agus an t-eolas seo á sholáthar, ba cheart d'oibreoirí machnamh ar mhíreanna inaithinte a chruthú ar a suíomhanna Ghréasáin, a gcláir ama, a mbróisiúir agus a gcomharthaíocht a bheidh dírithe ar phaisinéirí faoi mhíchumas luaineachta. Maidir leis na míreanna sin, áiritheoidh dearadh inrochtana agus ainmniú cuí go mbeidh na daoine is mó a bhíonn gá acu le cúnamh ábalta teacht air agus é a fháil. Má ghlaotar 'cúnamh le haghaidh daoine faoi mhíchumais' air, d'fhéadfadh go gceapfadh roinnt paisinéirí a bhfuil gá acu leis, mar shampla, daoine breacaosta lag, nach mbaineann sé leosan. Ar an dtaobh eile de, b'fhéidir go gceapfadh roinnt paisinéirí faoi mhíchumas luaineachta nach raibh aon bhaint ag teideal amhail 'riachtanais speisialta' leo féin. B'fhéidir gurb é an cur chuige is fearr ná teideal amhail 'le haghaidh paisinéirí a bhfuil gá acu le cúnamh breise' a thabhairt don mhír, chomh maith le míniú faoi céard atá i gceist leis sin.

4.7 Cé na formáidí inar cheart eolas a sholáthar?

Tá an fhormáid ina dtugtar an t-eolas chomh criticiúil leis an eolas féin. Ba chóir go mbeadh eolas ar fáil i bhformáidí a bhfuil rochtain ag gach paisinéir orthu. I roinnt mhaith cásanna ciallóidh sé seo an t-eolas a sholáthar i bhformáid mhalartach, amhail prionta mór, fuaim / fís (ar téip, diosca nó i bhformáid leictreonach), Braille nó 'éasca le léamh'.

Is maith an cleachtas é a áirithiú go bhfuil an t-eolas tugtha i bprionta soiléir agus i ngnáthchaint. Mar shampla, má chuirtear doiciméid phriontáilte chaighdeánacha i gcló 14 pointe sans serif, beidh siad inléite ag réimse leathan daoine le lagú radhairc agus ag daoine faoi mhíchumais intleachta. Toisc go mbíonn ar a lán daoine os cionn 40 bliain d'aois úsáid a bhaint as spéaclaí le haghaidh clónna atá níos lú, déanfaidh sé seo na doiciméid níos oiriúnaí dóibh siúd freisin. Tá sé deacair do go leor daoine téacs ar chomharthaí i mbloc-cheannlitreacha (mar shampla, 'LEITHREAS') a léamh, lena n-áirítear daoine disléicseacha. Beidh sé níos éasca téacs i gcás teidil amhail 'Urlár Uachtarach' nó 'Leithris' a thuiscint.

Nuair is mian le hoibreoirí eolas a sholáthar i níos mó ná aon teanga amháin, is fearr bileog eolais ar leith i ngach teanga ar leith ná bileog ilteangach amháin. Is féidir fógraí soiléire inchloiste a thabhairt freisin i ngach teanga. Tá comharthaíocht phictiúrtha thar a bheith úsáideach, mar laghdaíonn sé an gá le comharthaí iolracha (i dteangacha éagsúla) agus is féidir le paisinéirí, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumais foghlama, í a thuiscint níos éasca.

  • Maidir le doiciméid phriontáilte, d'fhéadfadh prionta mór, Braille nó malartaigh inchloiste a bheith de dhíth ar dhaoine le lagú radhairc. Maidir le formáidí priontaí móra, is minic a bhíonn cló 18-pointe mór go leor
  • Is féidir faisnéis inchloiste a sholáthar ar chaiséad, CD fuaime, MP3 no podchraoltaí
  • D'fhéadfadh go mbeadh leagan inchloiste nó leagan 'éasca le léamh' úsáideach do dhaoine faoi mhíchumais intleachta . Úsáideann leaganacha 'éasca le léamh' focail atá níos simplí, agus úsáideann siad pictiúir in aice leis na focail. Ba cheart pictiúir nó siombailí simplí a chur le heolas aon áit is féidir, toisc go gcuidíonn siad leis an eolas a déanamh níos inrochtana
  • Ba chóir go gcuimseodh comharthaíocht picteagraim atá faofa go hidirnáisiúnta freisin chun cuidiú le daoine a bhfuil an focal scríofa ina bhacainn orthu. Chuimseodh sé seo daoine nach é an Béarla (nó nach í an Ghaeilge) a gcéad teanga agus daoine a bhfuil fadhbanna litearthachta acu
  • Bainfidh daoine atá bodhar nó faoi mhíchumas éisteachta úsáid as formáidí amhairc, agus d'fhéadfadh go measfaidís go bhfuil eolas i ngnáthchaint agus leaganacha 'éasca le léamh' úsáideach freisin

Ba cheart d'oibreoirí breathnú ar an ngá atá le formáidí malartacha, nuair a bhíonn bileoga nó cláir ama nó eolas nua eile á ndearadh.

Tá sé éasca go leor eolas a chur ar fáil i bprionta mór, trí mhéid an chló a mhéadú i bpacáiste próiseála focal. D'fhéadfadh sé bheith riachtanach leaganacha Braille, fuaime / físe agus 'éasca le léamh' a fháil ó ghairmithe a bhfuil taithí acu ar bheith ag obair sa réimse ábhartha. Tugann eagraíochtaí amhail an Bord Faisnéise do Shaoránaigh agus NCBI (Comhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill) treoir d'oibreoirí maidir le heolas inrochtana a chur ar fáil. Is féidir le hoibreoirí a bhíonn ag lorg aiseolais ar inrochtaineacht a gcuid eolais dul i gcomhairle le grúpaí agus eagraíochtaí míchumais.

Tá sé an-tábhachtach go dtugtar faisnéis shoiléir chruinn chun paisinéirí a chur ar an eolas nuair a bhíonn siad ag teacht i ngiorracht dá gceann scríbe agus ag suíomhanna feiceálacha ag na teirminéil. Bainfear é seo amach trí fhógraí soiléire fuaime agus amhairc. D'fhéadfadh go mba ghá d'oibreoirí iompair breathnú freisin ar bhealaí malartacha chun eolas a thabhairt amhail físeáin / DVDanna (le fotheidil), aonaid fístaispeána shoiléire, agus seirbhísí SMS nó Bluetooth ar fóin phóca. Má úsáidtear scáileáin nó monatóirí mhóra, tá sé tábhachtach a áirithiú, maidir lena suíomh agus le méid an téacs a úsáideann siad, nach bhfuil siadsan ina mbac ar chumarsáid éifeachtach.

Ba chóir go mb'fheasach do chomhlachtaí poiblí fosta a n-oibleagáidí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tá tuilleadh eolais faoi na hoibleagáidí seo le fáil ar shuíomh Gréasáin An Choimisinéara Teanga ag http://www.coimisineir.ie/.

4.8 Suíomhanna Gréasáin

D'fhéadfadh deacrachtaí a bheith ag roinnt paisinéirí faoi mhíchumas luaineachta le leagan amach traidisiúnta suíomhanna Gréasáin. Baineann go leor daoine le lagú radhairc feidhm as léitheoir scáileáin chun úsáid a bhaint as suíomh Ghréasáin. Is é is léitheoir scáileáin ná bogearraí a léann amach téacs ó shuíomh Gréasáin i nguth sintéiseach. Maidir le roinnt suíomhanna Gréasáin, ámh, ní rabhthas ag smaoineamh ar inrochtaineacht nuair a bhí sin á ndearadh, agus dá bhrí sin beidh sé deacair nó dodhéanta do daoine a úsáideann léitheoir scáileáin teacht ar an ábhar sna suíomhanna seo. Maidir le suíomhanna Gréasáin le gearrthóga fuaime nó ar a gcaitear an luch a úsáid le haghaidh nascleanúna, mar shampla, cruthaíonn siadsan fadhbanna fosta do roinnt paisinéirí faoi mhíchumas luaineachta. Is fearr suíomh Gréasáin a dhearadh agus a thógáil ó thus le bheith inrochtana. D'fhéadfadh sé seo an t-am agus na costais a bhaineann le nuachóiriú agus cothabháil a shábháil.

Ba chóir d'oibreoirí breathnú ar phleanálaithe turas a úsáid ar shuíomhanna Gréasáin agus ar léarscáileanna. D'fhéadfaidís seo deis a thabhairt mionsonraí turais a oibriú amach go cruinn roimh nó le linn an turais. Ba chóir go mbeadh eolas a thugtar ó amharc (amhail ar léarscáil) ar fáil freisin i bhformáid téacs le haghaidh daoine le lagú radhairc.

4.9 Conas is féidir inrochtaineacht eolais a sheiceáil?

D'fhonn inrochtaineacht eolais a sheiceáil, beidh ort na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • Liosta a dhéanamh de na cineálacha eolais a thugtar agus de na formáidí reatha: ó amharc, bunaithe ar an ngréasán, priontáilte agus labhartha
  • Cuir in ord tosaíochta na píosaí eolais is gá a fhorbairt i bhformáidí malartacha agus a chur ar fáil go héasca
  • Soláthróirí formáidí malartacha a aithint amhail Braille agus clostéip, agus cóipeanna den téacs a thabhairt dóibh ionas go mbeidh siad ábalta na formáidí malartacha a fhorbairt ar iarratas
  • Plean a fhorbairt maidir le gach eolas a chur i bhformáidí inrochtana in ord tosaíochta
  • A áirithiú go mbíonn na scileanna agus an taithí ag gach dearthóir, clódóir agus dearthóirí Gréasáin chun eolas inrochtana a chur ar fáil
  • Dul i gcomhairle le paisinéirí faoi mhíchumas luaineachta maidir lena riachtanais eolais agus maidir leis na rudaí atá éasca le húsáid ina dtuairim. D'fhéadfadh sé a bheith úsáideach freisin eolas a thriail le grúpa paisinéirí le réimse míchumas, mar ní hionann ar chor ar bith an t-eolas a úsáid i suíomh 'beo' agus iniúchadh a dhéanamh i suíomh atá níos rialaithe
  • Athbhreithnigh cáilíocht an eolais ar bhonn rialta (trí é a sheiceáil i gcoinne na treorach seo) chun a fháil amach cé mhéid de atá inrochtana. Déan é seo i gcomhairle le heagraíochtaí atá ar son (agus ina mbíonn) daoine faoi mhíchumais, mar cuideoidh sé seo chun gníomhartha a chur in ord tosaíochta

Déanfaidh iniúchadh inrochtaineachta ar shuíomh Gréasáin, déanta ag comhairleach inrochtaineachta, leibhéal inrochtaineachta an tsuímh Ghréasáin a thomhas i gcoinne tacair de chaighdeáin a bhfuil glactha leo go hidirnáisiúnta amhail Web Content Accessibility Guidelines [Treoirlínte inrochtaineachta um ábhar Ghréasáin] (WCAG 2.0) de chuid an Web Accessibility Initiative [Tionscnamh inrochtaineachta Gréasáin an W3C]. Aithneoidh iniúchadh den tsórt sin feabhsuithe is féidir a chur ar an suíomh.

4.10 Achoimre ar na Treoirlínte Molta - Eolas

  1. Ba chóir d'oibreoir muiriompair paisinéirí a áirithiú go dtugtar eolas i bhformáidí inrochtana éagsúla ag na pointí éagsúla nuair a bhíonn gá ag an bpaisinéir leis - roimh imeachta, ag an bport nó cuan, ar an soitheach agus tar éis an soitheach a fhágáil.2. Ar a laghad, ba chóir d'oibreoirí muiriompair paisinéirí a áirithiú, maidir le heolas sábháilteachta práinneach agus eolas éigeandála, cláir ama, agus suíomhanna Gréasáin, go bhfuil siad inrochtana ag cách.
  2. Ba chóir d'oibreoirí muiriompair paisinéirí a áirithiú go dtugtar eolas ar leith faoi conas cúnamh a fháil do phaisinéirí faoi mhíchumas luaineachta.
  3. Ba chóir do bhaill foirne ábhartha atá fostaithe ag oibreoirí muiriompair paisinéirí a bheith ábalta eolas soiléir cruinn a thabhairt do phaisinéirí atá faoi mhíchumas luaineachta.
  4. Ba chóir d'oibreoirí muiriompair paisinéirí inrochtaineacht an eolais a thugann siad dá gcustaiméirí a sheiceáil go rialta.

4.11 An chéad chéim eile

Eolas ginearálta

  • Chun treoir a fháil maidir le comharthaíocht a dhéanamh inrochtana do daoine le lagú radhairc: http://www.ncbi.ie (Eolas d'ailtirí agus d'innealtóirí)
  • UK Department for Transport [Roinn Iompair na Ríochta Aontaithe] (nuashonraithe 2005), Inclusive Mobility - A Guide to Best Practice on Access to Pedestrian and Transport Infrastructure [Soghluaisteacht uileghabhálach - Treoir don chleachtas is fearr um rochtain ar bhonneagar coisithe agus iompair]. Déileálann Caibidil 10 le comharthaíocht agus eolas. http://www.dft.gov.uk
  • NDA, Cód cleachtais um inrochtaineacht seirbhísí poiblí agus eolais arna sholáthar ag comhlachtaí poiblí. http://www.nda.ie
  • UK Association of Transport Coordinating Officers (ATCO) [Oifigigh Chomhordúcháin Iompair na R.A.] (2004), Printed Information at Bus Stops - Interim Good Practice Guidelines [Eolas priontáilte ag stadanna bus - treoirlínte idirthréimhseacha maidir le dea-chleachtas].
    http://www.atco.org.uk
  • UK Association of Transport Coordinating Officers (ATCO) [Oifigigh Chomhordúcháin Iompair na R.A.] (nuashonraithe 2003), Printed Public Transport Information, a Code of Good Practice [Eolas priontáilte iompair phoiblí, cód dea-chleachtais].
    http://www.atco.org.uk
  • European Conference of Ministers of Transport (ECMT) [Comhdháil Eorpach na nAirí Iompair] agus Improving Transport Accessibility for All, a Good Practice Guide [Inrochtaineacht feabhsaithe iompair do chách, treoir um dhea-chleachtais] (2006)
    http://www.internationaltransportforum.org
  • European Conference of Ministers of Transport (ECMT) [Comhdháil Eorpach na nAirí Iompair] agus International Association of Public Transport [An Cumann Idirnáisiúnta Iompair Phoiblí] (UITP) (2004), Improving Access to Public Transport [Feabhsú rochtana ar iompar poiblí], An Ghinéiv, OECD Publishing/IUPT. http://www.uitp.org

Béarla éasca le léamh agus Béarla díreach

Writing and Design Tips [Leideanna scríobhneoireachta agus deartha] curtha ar fáil ag an National Adult Literacy Agency [Gníomhaireacht Náisiúnta um Litearthacht d'Aosaigh] ar conas doiciméid a dhéanamh níos éasca le léamh. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an doiciméad seo tabhair cuairt ar a suíomh Gréasáin, http://www.nala.ie

Suíomhanna Ghréasáin

  • Chun treoir a fháil ar inrochtaineacht suíomhanna Ghréasáin agus ar conas suíomh Gréasáin a thástáil maidir le hinrochtaineacht, tabhair cuairt ar http://universaldesign.ie/
  • leathanach baile an W3C Web Accessibility Initiative [Tionscnamh inrochtaineachta Gréasáin an W3C] (WAI) http://w3.org/wai
  • Web Content Accessibility Guidelines (WCAG 2.0) [Treoirlínte inrochtaineachta um ábhar Gréasáin] http://www.w3.org/

Eolas idirghníomhach

  • Cuimsíonn National Disability Authority IT Accessibility Guidelines [Treoirlínte inrochtaineachta IT ón Údarás Náisiúnta Míchumais] treoirlínte don Ghréasán, do chuideachtaí telecom, d'fheidhmchláir agus teirminéil rochtana poiblí. http://universaldesign.ie

Paisinéirí le lagú radhairc

  • Soláthraíonn National Council for the Blind of Ireland [Comhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill] treoir ar conas doiciméid phriontáilte a dhéanamh inrochtana agus seirbhísí tiontaithe meán, http://www.ncbi.ie
  • Chun treoir níos ginearálta a fháil maidir le heolas a dhéanamh inrochtana do dhaoine atá bodhar nó a bhfuil moill éisteachta orthu, féach suíomh idirlín an RNID sa Ríocht Aontaithe, http://www.rnid.org.uk

Paisinéirí atá bodhar nó faoi mhíchumas éisteachta

  • Chun treoir níos ginearálta a fháil maidir le heolas a dhéanamh inrochtana do dhaoine atá bodhar nó a bhfuil moill éisteachta orthu, féach suíomh idirlín an RNID sa Ríocht Aontaithe, http://www.rnid.org.uk

Paisinéirí faoi mhíchumas intleachta

  • D'fhonn acmhainn pictiúrtha a cheannach chun eolas a dhéanamh níos inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas intleachta, féach ar shuíomh Gréasáin UK CHANGE http://www.changepeople.co.uk/
  • Ag leibhéal na hEorpa tá an tionscadal MAPLE (improving Mobility and Accessibility for People with Learning disabilities in Europe [Soghluaisteacht agus inrochtaineacht do dhaoine atá faoi mhíchumais foghlama san Eoraip]) ina tionscadal trasnáisiúnta chun soghluaisteacht daoine faoi mhíchumais intleachta agus daoine le deacrachtaí meabhair-shláinte a chothú agus a fheabhsú. Déanann sé iarracht an cleachtas is fearr a aithint, a fhiosrú agus a scaipeadh maidir le saoráidí iompair phoiblí a dhéanamh níos inrochtana - féach http://www.maple-eu.com


Back to top