Caibidil 5 - Calafoirt, Cuanta agus Céanna

5.1 Réamhrá

Tá foirgnimh agus bonneagar inrochtana riachtanach má tá paisinéirí faoi mhíchumas luaineachta chun seirbhísí muiriompair paisinéirí a rochtain agus a úsáid ar shlí atá sábháilte, slán agus muiníneach.

Maidir le roinnt mhaith foirgneamh agus bonneagair, is féidir é bheith dúshlánach feabhas a chur ar a n-inrochtaineacht, go háirithe saoráidí atá níos sine nó foirgnimh oidhreachta. D'fhéadfadh nach mbeadh smacht i gcónaí ag oibreoirí post, cuanta agus céanna ar gach cuid de shuíomh ar leith, agus go mbeadh orthu idirchaidreamh a dhéanamh le húdaráis áitiúla nó le páirtithe leasmhara eile. Beidh tionchar ag méid agus fairsinge na saoráide agus nádúr na seirbhísí a sholáthraítear ag an suíomh sin ar cé chomh praiticiúil is a bheadh sé feabhsú inrochtaineachta a dhéanamh. Ba chóir d'oibreoirí dul ar aghaidh le bearta praiticiúla indéanta cun inrochtaineacht a fheabhsú sa ghearrthéarma, fad is a bhíonn clár inrochtaineachta níos fadtéarmaí á bhunú acu chun dúshláin ar bith nár déileáladh leo fós a shárú. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaí foirgnimh nua nó athchóiriú a dhearadh, a thógáil agus a bhainistiú de réir na gcleachtas inrochtaineachta is fearr.

Tá ceanglais an Cód idirnáisiúnta um shlándáil long agus port sainordaitheach faoin dlí naisiúnta agus idirnáisiúnta. Tá sé tábhachtach nach gceapfaí go bhfuil ceanglais slándála an Chóid ag teacht trasna ar sholáthar leibhéal cuí inrochtaineachta. Tá ceanglais slándála dá leithéid ann sna córais iompair eile, go háirithe san aeriompar. Trí rochtain mhíchumais a lánpháirtiú i bpleanáil agus i gcur chun feidhme na slándála, agus trí oiliúint chomhionannais mhíchumais (chomh maith le slándáil) a thabhairt don fhoireann ar fad, is féidir torthaí maithe a bhaint amach.

Is féidir le hoibreoirí, i gcomhar le gníomhaireachtaí eile de pháirtithe leasmhara, mórán a dhéanamh chun rochtain ar fhoirgnimh, ar theirminéil agus ar phointí bordála a fheabhsú. Is í aidhm na caibidle seo treoirlínte a thabhairt maidir leis na feabhsuithe seo a dhéanamh.

Ní thugann na treoirlínte seo aghaidh ar an gceist straitéiseach: dearadh bealaí agus gréasáin. Aithnítear go mbíonn fadhbanna ag go leor daoine maidir le muiriompar paisinéirí a úsáid toisc go bhfuil an turas ón mbaile go dtí an críochphort farantóireachta, cuan nó cé ró-dheacair. Cé go mbaineann an fhadhb seo le mórán daoine, baineann sé ar bhealach i bhfad níos mó leo siúd atá faoi mhíchumais a bhfuil fadhbanna luaineachta acu. Tá teorainn leis an méid is féidir le hoibreoirí dul i ngleic leis an gceist seo, ach nuair a bhíonn deis ann athchóiriú a dhéanamh ar na bealaí agus ar an ngréasán, ba chóir breathnú ar an ngá atá le seirbhísí a thabhairt chomh gar do phaisinéirí agus is féidir. Ba chóir d'oibreoirí idirchaidreamh a dhéanamh leo siúd go léir a bhfuil ról acu maidir le rochtain ar sheirbhísí muiriompair a fheabhsú - lena n-áirítear tacsaithe / fruilchairr agus soláthróirí iompair eile: poiblí, príobháideach, pobail, deonach agus speisialta.

5.2 Conas rochtain a fheabhsú ar chríochphoirt farantóireachta, cuanta agus céanna?

Ní seirbhísí 'ó dhoras go doras' a chuireann muiriompar paisinéirí ar fáil. Chun teacht ar theirminéal nó pointe bordála, bíonn ar fhormhór na bpaisinéirí siúl nó rothaíocht a dhéanamh, cathaoir rothaí a úsáid nó taisteal i gcarr, i mbus nó i dtraein. Dá bhrí sin tá tábhacht le socruithe chomhtháite rochtana maidir le an féidir le paisinéirí faoi mhíchumas luaineachta úsáid a bhaint as seirbhís loinge nó farantóireachta.

Cuimsíonn na gnéithe is ceart a chur san áireamh:

  • Cosáin míne réidhe go dtí na teirminéil agus na pointí bordála soithí agus uathu, le pábháil chlaonta ag pointí trasnaithe bóthair
  • Saoráidí trasnaithe bóthair atá sábhailte inrochtana
  • Siúláin atá marcáilte go maith agus le dromchla leibhéalta
  • Cuais pháirceála inrochtana le spás go leor chun ligean d'úsáideoirí cathaoireacha rothaí dul isteach agus teacht amach óna bhfeithiclí
  • Soilsiú maith
  • Saoráidí fágála agus bailithe atá sábháilte agus oiriúnach, do phaisinéirí faoi mhíchumas luaineachta, ag críochphoirt farantóireachta, cuanta, céanna agus ionaid tuirlingthe

Feabhsaítear an rochtain má chuirtear doirse teirminéal chomh gar agus is féidir do na soithí ar a ndéanann siad freastal, toisc go n-íoslaghdaítear an méid siúlóide. Ba chóir d'oibreoirí bealaí rochtana agus suíomh na stadanna iompair phoiblí, páirceáil carr, saoráidí ticéad agus saoráidí eile a iniúchadh i gcomhairle le páirtithe leasmhara áitiúla chun a áirithiú go bhfreagraíonn siad riachtanais gach custaiméara.

Is ar na húdaráis áitiúla go príomha atá an dualgas an rochtain ar theirminéil a fheabhsú, trí cosáin, crosairí agus soilsiú a sholáthar, uaireanta le hionchur ón nGarda Síochána, mar is fíor annamh gur leis na hoibreoirí an bonneagar máguaird. De ghnáth, dá bhrí sin, má bhíonn feabhas le cur ar chalafoirt farantóireachta, cuanta, céanna agus ionaid tuirlingthe, beidh baint ag níos mó ná aon ghníomhaireacht amháin leis an scéal.

Tá ról tábhachtach ag oibreoirí iompair i dtionscnaimh ilghníomhaireachtaí dá leithéid, a d'fhéadfadh baint a bheith ag an Roinn Iompair, an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, údaráis áitiúla agus An Garda Síochána leo freisin.

Calafoirt farantóireachta, cuanta agus céanna - saoráidí allamuigh

Nuair a bhíonn calafoirt farantóireachta, cuanta, céanna agus ionaid tuirlingthe á ndearadh agus á gcothabháil, ba chóir d'oibreoirí breathnú ar na pointí seo a leanas, atá criticiúil maidir le bonneagar iompair inrochtana ardchaighdeáin a fhorbairt:

  • Suíomh, lena n-áirítear naisc iompair agus faid na dturas
  • Cé chomh maith is atá an dromchla bóthair agus an dromchla pábhála
  • Cosáin agus saoráidí trasnaithe
  • Ciumhaiseanna claonta (nuair a bhíonn taobh na ciumhaise claonta chun rochtain éasca a sholáthar d'úsáideoirí cathaoireacha rothaí agus bagáiste rothaí)
  • Bainistiú tráchta, lena n-áirítear páirceáil agus srianta ar luchtú / díluchtú
  • Scáthláin
  • Soilsiú
  • Slándáil
  • Marcálacha agus comharthaíocht
  • Suíocháin
  • Soláthar eolais, i bhformáidí éagsúla (amhairc, inchloiste, tadhaill)
  • Cothabháil agus glanadh

Foirgnimh agus teirminéil mhuiriompair paisinéirí - saoráidí istigh

Tagtar ar fhoirgnimh mhuiriompair paisinéirí i slite éagsúla lena n-áirítear de chos nó i gcathaoir rothaí, i gcarr (fágáil nó páirceáilte), nó trí mhodhanna iompair phoiblí eile lena n-áirítear busanna, iarnród, tacsaithe agus fruilchairr agus seirbhísí speisialta iompair eile. Is é an prionsabal ginearálta ná gur chóir go mbeadh an bealach isteach inrochtana, is cuma conas a shroicheann an paisinéir an críochfort.

Ba chóir d'oibreoirí a áirithiú, maidir leis na bealaí isteach agus an áit mórthimpeall an teirminéil nó pointe bordála, go mbeidh siad marcáilte go soiléir agus soilsithe go maith, ionas go mbeidh a fhios ag paisinéirí cá bhfuil siad ag dul.

Maidir leis an rochtain ar fhoirgnimh agus teirminéil mhuiriompair paisinéirí, an bealach chucu agus an chúrsaíocht istigh iontu, ba chóir breathnú go cúramach orthu nuair a bhíonn dearadh nó tógáil ar siúl, i gcás foirgneamh agus bonneagair atá nua nó ann cheana, . Sa mhír 'An chéad chéim eile' ag deireadh na caibidle seo aibhsítear foilseacháin a thugann treoir níos mionsonraithe faoi conas na timpeallachtaí seo a dhéanamh níos inrochtana.

Bheadh oibreoirí ábalta tionscnaimh amhail seirbhísí eolais agus díolacháin ticéad bunaithe ar an nguthán agus bunaithe ar an ngréasán a thabhairt isteach, ionas nach mbeadh ar a gcustaiméirí teacht isteach go pearsanta ina bhfoirgnimh chomh minic sin. Maidir le tionscnaimh dá leithéid, ámh, ba chóir go ndéanfaidís modhanna cumarsáide eile a chomhlánú ach gan a n-áit a thógáil.

Chun inrochtaineacht a fheabhsú do gach úsáideoir, caithfear féachaint ar an bhfoirgneamh atá i gceist ina iomláine, agus a áirithiú go mbreathnaítear ar na réimsí seo a leanas go léir:

  • Bealaí isteach i bhfoirgnimh agus amach uathu
  • Gluaiseacht laistigh d'fhoirgnimh lena n-áirítear dul ó leibhéal go leibhéal ar ardaitheoirí nó staighrí beo, droichid choise, céimeanna, agus mar sin de
  • Dul ar bord soitheach agus díbhordáil
  • Saoráidí, lena n-áirítear oifigí agus meaisíní ticéad, pointí eolais, gutháin, achair feithimh agus pronnlaigh, suíocháin, locair bhagáiste agus leithris
  • Saoráidí le haghaidh madraí treoracha agus madraí cuidithe, lena n-áirítear babhlaí uisce agus limistéar sonraithe leithris (don mhadra)
  • Comharthaíocht agus eolas
  • Saoráidí páirceála carr, lena n-áirítear limistéar fágála agus meaisíní ticéad nó íocaíochta; agus
  • Soilsiú agus slándáil

Má chruthaítear deacrachtaí fisiceacha le bonneagar agus foirgnimh atá ann cheana, ba chóir díriú ar dtús ar na gnéithe inrochtaineachta is éasca a sholáthar. B'fhéidir go gcaithfidh oibreoirí níos mó béime a chur ar chúram custaiméirí chun teacht timpeall ar na constaicí a eascraíonn as rochtain lochtach fisiceach.

Tá tionchar mór ar inrochtaineacht na timpeallachta ag an tslí a dhéantar na foirgnimh agus na teirminéil a bhainistiú ó lá go lá. Mar shampla, d'fhéadfadh nach mbeadh úsáideoir cathaoireach rothaí ábalta úsáid a bhaint as seomra folctha maith mór inrochtana dá mbeadh sé in úsáid freisin chun cathaoireacha breise nó trealamh glanta a stóráil. D'fhéadfadh bealach inrochtana éirí dorochtana, má bhíonn rópaí nó trealamh eile sa tslí. Tá sé tábhachtach go mbeadh bainistiú na hinrochtaineachta ina chuid dá p(h)ost ag gach duine, agus go mbeadh sé luaite i jabthuairiscí, seicliostaí, nósanna imeachta sábháilteachta agus mar sin de.

Bíonn cead pleanála ag teastáil le haghaidh idirghabhálacha amhail mionathruithe ar fhoirgnimh oidhreachta nó ar fhoirgnimh liostaithe, fiú cinn bheaga amhail scáthláin a shuiteáil. Ba chóir é seo a chur san áireamh i gcláir feabhsaithe. Ba chóir d'oibreoirí oibriú i gcomhpháirtíocht le húdaráis phleanála chun réitigh chothroma a fháil. Maidir le saoráidí nua a bheith á ndearadh, leagann rialacháin fhoirgníochta Cuid M amach na ceanglais íosta. Baineann sé le dea-chleachtas, ámh, má bhíonn saoráidí nua á ndearadh, breathnú ar níos mó ná na ceanglais íosta bhunúsacha; ardchaighdeán inrochtaineachta a chur san áireamh ón tús; agus cúrsaí a éascú d'úsáideoirí, is cuma cén aois, méid, cumas nó míchumas. Cuireann Tógáil do Chách, foilseachán leis an NDA, treoir phraiticiúil ar fáil do dearthóirí maidir leis seo. Nil gach ailtire nó gach innealtóir ina s(h)aineolaí ar cheisteanna inrochtaineachta, agus b'fhéidir go mbeadh ar oibreoirí comhairleoirí gairmiúla saineolaíocha a fhostú chun a áirithiú go mbeidh saoráidí nua nó cinn nuachóirithe leagtha amach chun a bheith inrochtana ag cách.

Ba chóir go mbeadh an nós imeachta comhairliúcháin agus cinnteoireachta, maidir le feabhsuithe nó le tionscadail nuachóirithe, cosúil leis an nós imeachta maidir le foirgnimh nua (féach Tógáil do Chách, foilseachán leis an NDA). Ba chóir breathnú ar na roghanna malartacha: feabhas suntasach ar inrochtaineacht thar thréimhse ghearr ama; nó sraith feabhsuithe nach bhfuil chomh suntasach sin thar thréimhse níos faide ama - d'fhéadfadh an feabhas suntasach a bheith níos fearr ó thaobh luach ar airgead.

Dul ar bord soithigh agus díbhordáil

Tá an comhéadan idir an long agus an Tír Mor criticiúil maidir le rochtain míchumais mhaith a sholáthar agus is é an réimse is minice a bhíonn míshásúil. Tá roinnt deacrachtaí sainiúla inrochtaineachta sa réimse seo, lena n-áirítear dromchlaí fliucha, dromchlaí sleamhaine (ón fheamainn agus algaí), suíomhanna nochta (gaoth láidir agus báisteach), comhathruithe móra taoide agus gluaiseacht de dheasca tonnta. De ghnáth úsáideann paisinéir coise stangairt chun dul ar bord an tsoithigh agus chun díbhordála. Tá leagan amach stangairt na bpaisinéirí an-tábhachtach maidir le:

  • Leithead - dóthanach chun bheith ábalta cathaoir rothaí a úsáid
  • Fad agus an fána is mó a cheadaítear
  • Lámhráillí cuí a bheith ar an dá thaobh - sábháilte do gach duine agus éasca le húsáid acu
  • Plapaí rampa a bheith ag dhá cheann na stangairte - le haghaidh cathaoireacha rothaí agus daoine faoi mhíchumas luaineachta
  • Bailchríoch dromchla - dromchla réidh, ábhar neamhsciorrach agus bailchríoch tadhlach ag an dá cheann; agus
  • Marcáil dromchlaí agus soilsiú na stangairte agus na n-ionad tuirlingthe

Ar bhád farantóireachta (soitheach Ro-Ro), is féidir le paisinéirí coise agus le húsáideoirí cathaoireacha rothaí dul ar bord via na rampaí carr cinn agus deiridh. Ag saoráidí poirt agus ar shoithí tá sé riachtanach go mbeadh comharthaíocht shoiléir ann agus go mbeadh na siúláin marcáilte go soiléir chun a áirithiú go ndéantar na paisinéirí coise a dheighilt go sábháilte ó na feithiclí. Má bhíonn córais rochtana dá leithéid á gcur chun feidhme, caithfidh oibreoirí aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna na bpaisinéirí faoi mhíchumas luaineachta - mar shampla, d'fhéadfadh paisinéirí le lagú radhairc bheith i mbaol níos mó de dheasca gluaiseachtaí feithiclí in áiteanna ina mbíonn paisinéirí agus feithiclí le chéile.

5.3 Conas iniúchadh rochtana a dhéanamh ar fhoirgnimh, ar phoirt, ar chuanta agus ar chéanna?

Is féidir leis an iniúchóireacht a bheith an-tábhachtach i roinnt slite. Is féidir leis an iniúchóireacht cabhrú le hoibreoirí, rialtóirí agus paisinéirí chun a fháil amach cé chomh inrochtana is atá na soithí, an bonneagar agus na foirgnimh atá ann cheana, cé chomh héifeachtach is atá na feabhsuithe inrochtaineachta agus cé na deiseanna atá ann le haghaidh feabhsuithe inrochtaineachta breise. Ba chóir go bhfostófaí iniúchóirí inrochtaineachta gairmiúla chun an cineál seo oibre a dhéanamh.

Ba chóir don iniúchadh rochtana:

  • Na gnéithe rochtana agus na riachtanais rochtana do gach paisinéir a fhiosrú
  • Constaicí fisiceacha agus cumarsáide in aghaidh rochtana atá ann a aithint
  • Moltaí tosaíochta a dhéanamh maidir le conas is féidir dul i ngleic leis na constaicí seo

D'fhonn a áirithiú go mbeidh an caighdeán inrochtaineachta is airde sa timpeallacht thógtha, caithfidh an t-iniúchadh roinnt eilimintí riachtanacha a chur san áireamh, amhail:

  • Bainistíocht - lámhleabhar rochtana, rochtain agus sábháilteacht, dualgais agus tiomantas
  • Iompar - teacht chuig an soitheach agus an bhfoirgneamh, suíomh, achair fágála
  • Timpeallacht sheachtrach - páirceáil carr, bealaí rochtana, rampaí, stangairtí, céimeanna agus doirse
  • Cúrsaíocht ingearach agus chothrománach - céimeanna agus staighrí, rampaí, ardaitheoirí, staighrí beo, dorchlaí agus doirse inmheánacha
  • Saoráidí - fáiltiú, deasca eolais, leithris, achair suí, seomraí athraithe, bialanna agus pronnlach
  • Dearadh intí - soilsiú, dath agus codarsnacht, daingneáin
  • Aslonnú - trealamh éigeandála, aláraim, comharthaíocht, trealamh aslonnaithe, pleananna aslonnaithe
  • Saoráidí cumarsáide - comharthaíocht, gutháin, gnéithe tadhlacha, fuaimíocht
  • Comhéadan Long/Tír Mór - áit a théann daoine ar an soitheach agus a thagann siad as

5.4 Achoimre ar na Treoirlínte Molta - Foirgnimh, calafoirt, cuanta agus céanna

  1. Ba chóir d'oibreoirí port, cuanta agus céanna pleananna a chur i ngnímh d'fhonn feabhas a chur ar inrochtaineacht a mbonneagair agus a gcuid foirgneamh, agus sonraí na bpleananna seo a roinnt le paisinéirí faoi mhíchumas luaineachta.
  2. Ba chóir d'oibreoirí port, cuanta agus céanna dul i gcomhairle le agus, nuair a bhíonn sé ábhartha, i gcomhpháirtíocht le gníomhaireachtaí eile, amhail údaráis áitiúla, ag cur feabhais ar inrochtaineacht foriomlán an bhonneagair muiriompair agus na timpeallachta tógtha.
  3. Má bhíonn foirgnimh, teirminéil, cuanta nó céanna á bhforbairt nó á n-athchóiriú acu, ba chóir d'oibreoirí a áirithiú go mbíonn siad go hiomlán inrochtana do gach paisinéir faoi mhíchumas luaineachta, i gcomhréir leis an treoir atá tugtha ag an NDA i Building for Everyone [Tógáil do Chách].
  4. Ba chóir d'oibreoirí port, cuanta agus céanna a áirithiú go ndéanann iniúchóirí oilte cleachtacha iniúchtaí féiltiúla inrochtaineachta ar an mbonneagar agus ar an timpeallacht thógtha. Beidh aiseolas ó phaisinéirí faoi mhíchumas luaineachta ina ionchur riachtanach don iniúchóir.

5.5 An chéad chéim eile

Eolas ginearálta

  • Le haghaidh eolais maidir le haisfheistiú agus athchóiriú foirgneamh, treoir ghinearálta ar theirminéil iompair agus treoir ar fhoirgnimh agus timpeallachtaí uileghabhálacha - National Disability Authority [an tÚdarás Náisiúnta Míchumais], Building for Everyone [Tógáil do Chách], Foilseacháin an Údaráis Náisiúnta Míchumais http://www.nda.ie
  • Department of Transport, Department of Environment, Heritage & Local Government and Dublin Transportation Office [An Roinn Iompair, an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus Oifig Iompair Átha Cliath] (2006) Traffic Management Guidelines [Treoirlínte um Bainistiú Tráchta] http://www.dto.ie
  • Department of Environment Heritage and Local Government [An Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil], Building Regulations, Part M - Access for People with Disabilities Technical Guidance Document [Rialacháin Fhoirgníochta, Cuid M - Rochtain do Dhaoine le Míchumais, Doiciméad Treorach Teicniúil] http://www.environ.ie
  • NDA Draft Code of Practice on Accessible Heritage Sites [Dréachtchód cleachtais um Láithreáin Oidhreachta Inrochtana] - teagmháil: standards@nda.ie
  • Tugann an Irish Access Directory [Eolaí Rochtana na hÉireann] bliantúil eolas ar theicneolaíocht agus trealamh cúnta le haghaidh daoine le míchumais; Mobility Communications a fhoilsíonn é, http://www.accessdirectory.ie
  • UK BS 8300: 2009 - Design of buildings and their approaches to meet the needs of disabled people, Code of practice [Foirgnimh agus na bealaí chucu a dhearadh chun freastal ar riachtanais dhaoine le míchumais, cód cleachtais], British Standards Institution, UK http://www.bsigroup.com
  • UK Department for Transport [Roinn Iompair na Ríochta Aontaithe] (2002, nuashonraithe 2004), Inclusive Mobility - A Guide to Best Practice on Access to Pedestrian and Transport Infrastructure [Soghluaisteacht uileghabhálach - Treoir don chleachtas is fearr um rochtain ar bhonneagar coisithe agus iompair], http://www.dft.gov.uk
  • Canadian Transport Agency [Gníomhaireacht Iompair Cheanada], 2007. Code of Practice for Passenger Terminal Accessibility [Cód cleachtais um inrochtaineacht teirminéal paisinéirí]. Ontario: Minister of Public Works and Public Services (Canada) http://www.cta-otc.gc.ca
  • Canadian Transport Agency [Gníomhaireacht Iompair Cheanada], 2007. Guide for Passenger Terminal Accessibility [Treoir ar inrochtaineacht teirminéal paisinéirí]. Ontario: Minister of Public Works and Public Services (Canada) http://www.cta-otc.gc.ca
  • European Conference of Ministers of Transport (ECMT) [Comhdháil Eorpach na nAirí Iompair] agus (2006), Improving Transport Accessibility for All, a Good Practice Guide [Inrochtaineacht fheabhsaithe iompair do chách, treoir um dhea-chleachtais]
    http://www.internationaltransportforum.org
  • European Conference of Ministers of Transport (ECMT) [Comhdháil Eorpach na nAirí Iompair] agus International Association of Public Transport (UITP) [An Cumann Idirnáisiúnta Iompair Phoiblí] (2004), Improving Access to Public Transport [Feabhsú rochtana ar iompar poiblí], Geneva, OECD Publishing/IUPT
    http://www.uitp.org

Iniúchtaí rochtana

  • National Disability Authority [An tÚdarás Náisiúnta Míchumais] (2004), Guidelines for the Access Auditing of the Built Environment [Treoirlínte um iniúchóireacht rochtana ar an timpeallacht tógtha]. Foilseacháin an Údaráis Náisiúnta Míchumais http://www.nda.ie
  • Centre for Accessible Environments [An Lárionad do Thimpeallachtaí Inrochtana] (2004) Access Audits: A guide and checklists for appraising the accessibility of public buildings [Iniúchtaí rochtana: treoir agus seicliostaí maidir le inrochtaineacht foirgneamh poiblí a mheas]. Centre for Accessible Environments, United Kingdom [An Lárionad do Thimpeallachtaí Inrochtana, an RA]. http://www.cae.org.uk

Slandáil

  • International Ship and Port Facility Security [Slandáil idirnáisiúnta saoráidí Long agus Port], International Maritime Organisation [An Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta] http://www.imo.org


Back to top