Caibidil 6 - Soithí

6.1 Réamhrá

Is é beartas reatha na Roinne Iompair úinéirí agus oibritheoirí a spreagadh chun an méid inrochtaineachta is féidir do gach paisinéir a chur san áireamh nuair a bhíonn soithí nua á dtógáil nó á bhfáil. Tá roinnt soithí nach bhfuil inrochtana faoi láthair áfach agus a mbeidh sé dúshlánach iad a dhéanamh inrochtana mar gheall ar dheacrachtaí costais agus oibríochtúla. Imreoidh méid agus aois an tsoithigh agus nádúr na seirbhísí a chuirfear ar fáil tionchar ar chumas an oibritheora an inrochtaineacht a fheabhsú do phaisinéirí faoi mhíchumas luaineachta.

I gcás gan láninrochtaineacht a bheith i gceist le soithí den chineál sin, is é beartas na Roinne Iompair cur chuige céimnithe a spreagadh maidir le rochtain níos fearr agus tacú leis an gcur chuige sin. Ba cheart d'oibritheoirí féachaint le feabhsuithe rochtana a bheith á bhforfheidhmiú ar bhonn céimnithe sa ghearrthréimhse, sa mheántréimhse agus san fhadtréimhse, lena n-áirítear feabhsuithe neamhstruchtúrtha, ar nós codarsnachta datha, comharthaíochta agus araile.

Tá neart deiseanna ar fáil d'oibritheoirí soithí chun inrochtaineacht a fheabhsú do phaisinéirí faoi mhíchumas luaineachta. Cuideoidh an-chuid de na feabhsuithe sin le húsáideoirí eile na soithí sin freisin, lena n-áirítear daoine breacaosta, tuismitheoirí a bhfuil leanaí i mbugaithe acu agus daoine atá faoi mhíchumas sealadach mar thoradh ar ghortú nó breoiteacht.

6.2 Cén bunús atá le dea-rochtain ar shoitheach?

Ní mór na nithe seo a leanas ar a laghad a bheith ar shoitheach inrochtana:

  • Bealach isteach d'úsáideoirí cathaoireacha rothaí, lena n-áirítear áiseanna leithris
  • Gnéithe chun cuidiú le daoine ag a bhfuil deacrachtaí siúil, greama, sínte nó cothroime (lena n-áirítear dromchlaí neamhsciorracha, ráillí láimhe agus greamanna láimhe)
  • Áiseanna chun cuidiú le daoine a bhfuil lagú amhairc orthu (lena n-áirítear contrárthacht datha agus tonúil a úsáid go comhsheasmhach, comharthaíocht shoiléir agus thadhlach (nuair is cuí), soilsiú maith, dromchlaí neamh-fhrithchaiteacha, fógraí atá inchloiste agus infheicthe araon agus dromchlaí agus córais treoraithe agus rabhaidh atá tadhlach agus inchloiste (nuair is cuí)
  • Áiseanna do dhaoine atá bodhar nó a bhfuil moill éisteachta orthu (lena n-áirítear amharcfhaisnéis, fógraí atá soiléir agus inchloiste agus comharthaí soiléire)

6.3 Mar is féidir le hoibritheoirí athbhreithniú a dhéanamh ar inrochtaineacht a gcuid soithí

Ba cheart do shaineolaí inrochtaineachta a bhfuil cuntas teiste aige nó aici ar iniúchóireacht a dhéanamh i réimse an iompair, iniúchóireacht inrochtaineachta fhoirmiúil a sheoladh. Ba cheart faisnéis a thabhairt don iniúchóir go cuí le cinntiú go dtuigeann sé nó sí na dálaí atá ann i ngach timpeallacht iompair mhuirí. Ba cheart don oibritheoir obair i bpáirt leis an iniúchóir le linn na hiniúchóireachta d'fhonn a chinntiú go mbeidh léiriú cruinn i dtuairisc na hiniúchóireachta agus sna moltaí ar an staid reatha agus ar bhealach réadúil i dtreo na rochtana is fearr is féidir. Ba cheart d'oibritheoirí a chinntiú go mbíonn a gcuid foirne oibríochtúla rannpháirteach go huile sa phróiseas iniúchóireachta.

Mar thoradh ar an bpróiseas iniúchóireachta ba cheart d'oibritheoirí pleananna a dhréachtadh ina mbeidh amscálaí sainmhínithe chun a gcuid seirbhíse a uasghrádú agus chun leibhéal níos fearr inrochtana a chur ar fáil. Ba cheart dóibh athbhreithniú a dhéanamh go rialta ar an rochtain do phaisinéirí faoi mhíchumas luaineachta (agus úsáid a bhaint b'fhéidir as taithí daoine a bhfuil cineálacha éagsúla míchumais ag dul dóibh) agus cuireadh a thabhairt do phaisinéirí atá faoi mhíchumas luaineachta triail a bhaint as an tseirbhís. D'fhéadfadh sé gurbh fhearr a dhéanfaí sin ar dtús le linn tráthanna beagéilimh le fáil amach cé na fadhbanna a bhí acu.

Is í an deis is fearr chun inrochtaineacht a chinntiú do gach paisinéir ar an gcostas breisitheach is lú, nuair a bhíonn soitheach nua á thógáil nó á cheannach ag an oibritheoir. Nuair a bhíonn oibritheoirí ag beartú seirbhísí a uasghrádú trí shoitheach nua a choimisiúnú nó soithí atá acu cheana a uasghrádú, féadfaidh siad comhairle a lorg maidir leis an tslí is fearr chun inrochtaineacht a bheith san áireamh ó Oifig na Suirbhéireachta Muirí, ó shaineolaithe inrochtaineachta, agus ó phaisinéirí faoi mhíchumas luaineach. Cuideoidh sé sin le cinntiú go dtugann na riachtanais nó sonraíocht an dearaidh tosaíocht mar is cuí do shaincheisteanna inrochtaineachta, agus go dtabharfar aghaidh nuair is féidir ar aon srianta nó saincheisteanna inrochtaineachta a thabharfar faoi deara ar shoithí atá ann cheana féin.

6.4 Conas inrochtaineacht soithí a fheabhsú

D'fhéadfadh sé nach féidir nó nach mbeidh sé praiticiúil díriú ar chonstaicí ar nós pasáistí nó tairseacha a bheith cúng ar chostas réasúnach nó mar gheall ar riachtanais áirithe i ndéantús an tsoithigh. Nuair nach féidir na constaicí sin a shárú, ba cheart sonraí a chur san áireamh san eolas réamhthurais don chustaiméir. Ligfidh sé sin do chustaiméirí cinneadh eolasach a dhéanamh maidir le dul ar aghaidh lena dturais.

Ba cheart d'oibritheoirí athbhreithniú a dhéanamh ar inrochtaineacht na ngnéithe seo a leanas dá soithí le saineolaithe inrochtaineachta agus paisinéirí atá faoi mhíchumas luaineachta, agus feabhsuithe cuí a chur chun feidhme.

Ag dul ar an soitheach nó ag teacht den soitheach

Tá an comhéadan idir an long agus an bruach thar a bheith tábhachtach maidir le rochtain mhaith do dhaoine faoi mhíchumas agus is ann is mó a bhíonn gá le feabhsú. Tá gnéithe den áit seo lena mbaineann dúshláin ar leith, lena n-áirítear dromchlaí a bheith fliuch, dromchlaí a bheith sleamhain (mar gheall ar fheamainn agus algaí), láithreacha nocht (gaoth láidir agus báisteach), móréagsúlacht taoide agus gluaiseacht mar thoradh ar thonnta agus bogadh farraige. Úsáidtear geata bordála de ghnáth chun rochtain a bheith ag paisinéirí coise a théann ar an soitheach agus a thagann de. Baineann tábhacht ar leith le dearadh gheata bordála na bpaisinéirí i leith na nithe seo a leanas:

  • Leithead - a bheith leordhóthanach d'úsáid cathaoireach rothaí
  • Fad agus an fána uasta ceadaithe
  • Ráillí láimhe cuí a sholáthar ar an dá thaobh - chun sábháilteacht agus éascaíocht úsáide a chinntiú do chách
  • Flapaí rampa a sholáthar ag cinn an gheata bordála - do chathaoireacha rothaí agus daoine faoi mhíchumas luaineachta
  • Bailchríoch an dromchla - dromchla cothrom, ábhar neamhsciorrach agus bailchríoch thadhall air ag an dá cheann
  • Dromchlaí a mharcáil agus an geata bordála agus limistéir tuirlingte a shoilsiú

Ar bháid fartha gluaisteán (Soithí Rolladh ann - Rolladh as), féadfaidh paisinéirí coise agus úsáideoirí cathaoireacha rothaí dul ar bord trí na rampaí gluaisteán i gceann an bháid nó i ndeireadh an bháid. Tá comharthaíocht shoiléir agus marcáil shoiléir ar chosáin riachtanach chun a chinntiú go ndéantar paisinéirí coise agus feithiclí a dheighilt ó chéile go sábháilte. Agus córais rochtana den chineál sin á gcur chun feidhme, ní mór d'oibritheoirí déileáil leis na saincheisteanna ar leith a bhaineann le paisinéirí faoi mhíchumas luaineachta - d'fhéadfadh paisinéirí a bhfuil radharc na súl ag teip orthu, mar shampla, a bheith níos mó i mbaol ó ghluaiseacht feithiclí i limistéir ina mbíonn paisinéirí agus feithiclí.

Ag gluaiseacht timpeall an tsoithigh

Is é rogha a lán paisinéirí faoi mhíchumas luaineachta dul ag taisteal go neamhspleách ach féadann deacrachtaí a bheith acu gluaiseacht timpeall ar shoitheach mar gheall ar chonstaicí ar nós na nithe seo a leanas:

  • Pasáistí agus dorchlaí cúnga
  • Easpa greimráillí nó ráillí láimhe fan dhá thaobh pasáistí agus rampaí agus iad a bheith feistithe ar airde a oireann do phaisinéirí a bhíonn ag siúl agus d'úsáideoirí cathaoireacha rothaí araon
  • Dromchlaí a bheith sleamhain, i ndálaí fliucha go háirithe
  • Dálaí cúngaithe, agus cathaoireacha nó trealamh sa bhealach ar bhealaí rochtana agus éalaithe
  • Doirse troma; frámaí dorais a bhfuil leaca arda orthu
  • Rampaí gan a bheith ann
  • Droch-chodarsnacht datha nó tonúil

Ba cheart é a bheith mar sprioc ag oibritheoirí soithí a chinntiú gur féidir le gach paisinéir gluaiseacht timpeall an tsoithigh as a stuaim féin. Chomh fada agus is féidir, ba cheart soláthar agus tógáil rampaí, staighrí agus ardaitheoirí a chumrú chun rochtain a bheith ag na paisinéirí uile. Le fírinne, d'fhéadfadh sé a bheith an-deacair na haidhmeanna sin ar fad a bhaint amach ar shoithí atá ann faoi láthair nó ar shoithí beaga. Tá cuid mhaith cineálacha cur chuige praiticiúla ann fós áfach is féidir a ghlacadh chun an inrochtaineacht a fheabhsú ar chostas réasúnach. Áirítear orthu sin ráillí láimhe nó greimráillí a fheistiú; ráillí láimhe atá ann cheana a phéinteáil chun an infheictheacht a fheabhsú, agus cathaoireacha agus feisteas eile a atheagrú chun níos mó spáis a chur ar fáil.

Má bhíonn ráillí láimhe atá deartha go maith ar fáil fan céimeanna agus rampaí is mór an feabhas a chuirfear ar a n-inrochtaineacht dá lán, lena n-áirítear paisinéirí atá faoi mhíchumas luaineachta. Ba cheart do chruth agus ábhar an ráille láimhe a bheith compordach le greim a fháil air, fiú amháin in aimsir fhuar. Ba cheart codarsnacht a bheith idir an ráille láimhe agus dath an chúlra, agus ba cheart dó a bheith casta isteach ag an dá cheann ionas nach ngreamóidh éadaí nó bagáiste leis. Ba cheart do ráillí láimhe síneadh amach thar bharr agus bun an staighre chun a n-inúsáidteacht a fheabhsú. Is mór an feabhas a chuirfidh ráillí láimhe oiriúnacha ar inrochtaineacht pasáistí agus dorchlaí freisin. Sampla praiticiúil de sin ná greamáin ardinfheictheachta, cosúil leis na cinn a fheistítear ar thraenacha nua-aimseartha, a fheistiú ar chúl agus ar an imeall suíochán fan na siúlbhealaí.

D'fhéadfadh sé a bheith indéanta freisin dromchlaí urlár a athrú d'fhonn an fhriotaíocht in aghaidh sciorradh a fheabhsú. Cuideoidh comharthaíocht shoiléir le dromchlaí frithdhallta, dathanna atá go mór in imeartas le chéile, agus le litreoireacht thadhlach (i mBraille freisin go hidéalach) le gach duine a mbealach a dhéanamh timpeall an tsoithigh, agus is fearr a bheidh teacht ag daoine dá réir ar áiseanna ar nós seomraí folctha agus an tsiopa caife. Ba cheart d'oibritheoirí a thuiscint freisin gur féidir deacrachtaí a bheith ag baint le comharthaí de dhéantús baile, bileoga lannaithe a phriontáiltear ó ríomhaire, mar shampla, agus gurb amhlaidh atá ar chúiseanna éagsúla:

  • D'fhéadfadh siad gan a bheith chomh soiléir agus is féidir mar gheall ar earráidí teanga, téarmaíochta, litrithe nó graiméir
  • D'fhéadfadh deacracht fhisiciúil a bheith ag baint lena léamh mar gheall ar dhrochdhearadh (contrárthacht na ndathanna a bheith lag nó iad a bheith róbheag) nó de bharr nach bhfuil siad suite go maith agus go bhfuil dallrú frithchaite uathu

Féach Caibidil 4 de na Treoirlínte seo chun sonraí breise a fháil i ndáil le heolas a sholáthar.

Más rud é gur baol do phaisinéir a cheann nó a ceann a bhualadh in aghaidh aon cheann de na daingneáin nó na feistis struchtúrtha, ba cheart na guaiseacha sin a bheith marcáilte go soiléir, agus pillín a bheith orthu go hidéalach chun gortuithe a chosc.

Baineann tábhacht ar leith leis an nglaineacht agus an dea-bhainistí do phaisinéirí faoi mhíchumas luaineachta de bhrí go mbíonn orthu lámh a leagan ar rudaí níos mó ná mar a bhíonn ar dhaoine eile, d'fhonn tacaíocht bhreise nó treorú treoch a fháil. Tá tábhacht ar leith ag baint le siúlbhealaigh a bheith glan agus néata i ndáil leo siúd a bhfuil lagú amhairc orthu.

Taitneamh a bhaint as an turas

Ba cheart d'oibritheoirí féachaint le cinntiú gur féidir le paisinéirí faoi mhíchumas luaineachta an taitneamh céanna le paisinéirí eile a bhaint as an turas. Ba cheart meascán de chineálacha suíochán a bheith ar fáil. Ba cheart codarsnacht a bheith idir na suíocháin agus an cúlra maidir le ton agus dathanna, le cinntiú go bhfuil sé le feiceáil ag daoine a bhfuil lagú amhairc orthu. Teastóidh suíocháin a bhfuil armthacaí orthu ó roinnt custaiméirí, chun cuidiú leo fáil isteach sa suíocháin agus teacht amach as. Is bac ar chustaiméirí eile a bheidh sna harmthacaí. B'fhéidir gurbh fhearr le roinnt úsáideoirí cathaoireacha rothaí aistriú amach as an gcathaoir rothaí isteach i gcathaoir chaighdeánach le haghaidh aga an turais. D'úsáideoirí eile cathaoireacha rothaí, beidh sé tábhachtach srianta cuí a bheith ar fáil le cinntiú go dteanntófar nó go gceanglófar an chathaoir go cuí, cóngarach do shuíocháin eile (ar shoithí ardluais go háirithe), ionas go mbeidh siad ábalta taitneamh a bhaint as an turas lena gcompánaigh.

Moltar 4 faoin gcéad ar a laghad de shuíocháin paisinéirí an tsoithigh a bheith oiriúnach do phaisinéirí faoi mhíchumas luaineachta. D'fhéadfadh tionchar drochaimsire dul i bhfeidhm níos mó ar phaisinéirí den sórt sin ná ar phaisinéirí eile, mar sin ba cheart suíomh na suíochán tiomnaithe do phaisinéirí faoi mhíchumas luaineachta a roghnú go cúramach, a bheith gar do na bealaí isteach / amach agus teacht éasca ar na bealaí aslonnaithe uathu.

Ar shoithí a bhfuil cábáin phaisinéirí orthu, ba cheart roinnt cábán a bheith ann chun freastal do riachtanais úsáideoirí cathaoireacha rothaí. Tá sonraí breise maidir le dearadh cábán den sórt sin le fáil i gciorclán MSC/Circ 735 de 24/06/1996 ón Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO).

Braithfidh tábhacht na n-áiseanna leithris inrochtana ar aga an turais, agus ar áiseanna leithris inrochtana a bheith ar fáil in áiseanna an chuain nó an chríochfoirt ag tús agus ag deireadh an turais. Cé nach mbeadh dóthain spáis go traidisiúnta ag na háiseanna leithris ar bord soithí beaga chun go bhféadfadh úsáideoirí cathaoireacha rothaí iad a úsáid, tá go leor deiseanna ann fós féin d'oibritheoirí soithí chun inrochtaineacht na n­áiseanna leithris a fheabhsú. Tá greimráillí an-tábhachtach in áis leithris, agus an soitheach ag gluaiseacht go háirithe, nuair a bhíonn an fharraige garbh, b'fhéidir. Ba cheart feistis ar nós sconnaí agus lámhthriomaitheoirí a bheith deartha chun go mbeidh ar chumas an uile dhuine iad a úsáid. Is iad na sconnaí a bhfuil luamháin orthu is fearr, agus ba cheart triomadóirí láimhe agus tuáillí a bheith in aice láimhe. Ba cheart go mbeadh fáil ar aláram éigeandála le cur ar chumas paisinéirí fios a chur ar chúnamh i gcás deacrachta.

Nuair a bhíonn soitheach nua á choimisiúnú, ba cheart gur riachtanas tosaíochta é, áiseanna leithris inrochtana a bheith ar fáil. Mar is léir i gcás na glúine nua de charráistí traenach ag Iarnród Éireann, is féidir garaíocht a dhéanamh d'úsáideoirí cathaoireach rothaí (agus gach úsáideoir eile) fiú amháin nuair a bhíonn spás gann.

Eolas do phaisinéirí ar bord

Is den riachtanas é gach custaiméir a choinneáil ar an eolas maidir le haon saincheisteanna nó nósanna imeachta sábháilteachta a d'fhéadfadh teacht i gceist le linn an turais. Ba cheart eolas maidir le sábháilteacht a bheith ar fáil i slite éagsúla. Ba cheart méid phointe an chló ar chártaí eolais sábháilteachta a bheith 14 ar a laghad agus ba cheart iad a bheith suite in áiteanna ina mbeidh siad ar fáil do gach paisinéir. Ba chóir do dhath an téacs a bheith in imeartas go láidir leis an gcúlra (mar shampla, téacs dubh ar chúlra bán). Féadann siombail agus léaráidí simplí cuidiú le daoine a bhfuil a gcuid litearthachta lag nó le daoine nach bhfuil Béarla nó Gaeilge mar phríomhtheanga acu. I gcás custaiméirí lagamhairc nó atá dall, b'fhéidir go mbeidh gá leis an eolas sin a chur in iúl trí fhógra inchloiste nó go díreach, duine le duine. Maidir le paisinéirí atá bodhar nó a bhfuil moill éisteachta orthu, ní mór eolas a chur in iúl i bhformáid fhíseach.

Nuair a dhéantar fógraí ar chóras fógartha poiblí, ba cheart cúram a dhéanamh de na fógraí sin a bheith soiléir agus gonta. Ba cheart d'oibritheoirí a chur i gcuntas nach mbeidh tuiscint bhunúsach ag an-chuid custaiméirí ar théarmaíocht mhuirí, agus ba cheart mar sin téarmaí ar nós bord na sceathraí nó bord na heangaí a sheachaint.

Deiceanna gluaisteán

D'fhéadfadh sé go dteastóidh spás breise ó phaisinéirí faoi mhíchumas luaineachta (úsáideoirí cathaoireacha rothaí go háirithe) agus iad ag dul isteach ina gcuid gluaisteán nó ag teacht amach astu. D'fhéadfadh breis ama a bheith ag teastáil uathu freisin chun taisteal chuig an deic gluaisteán agus teacht uaithi ná tiománaithe agus paisinéirí eile. Ba cheart d'oibritheoirí é sin a chur i gcuntas agus fógraí ar bord á ndéanamh acu ag iarraidh ar phaisinéirí filleadh ar a ngluaisteáin.

6.5 Cad é an treoir dea-chleachtais is fearr maidir le soithí inrochtana?

Treoirlínte foilsithe na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO) i ndáil le rochtain míchumais ar shoithigh. Tá siad sin ann breis is deich mbliana anois áfach, agus tá siad an-ghinearálta, agus baineann siad go sonrach le longa móra a bhíonn ag trádáil go hidirnáisiúnta. Sa Ríocht Aontaithe tá doiciméid treorach an-úsáideacha (atá ar fáil ar a suíomh idirlín) curtha amach ag an Coiste Comhairleach Iompair do Dhaoine faoi Mhíchumas (DPTAC) a bhaineann le dearadh agus oibriú soithí idir bheag agus mhór agus an bonneagar tacaíochta cladaigh le haghaidh an iompair mhuirí. Chun breis eolais a fháil, féach 6.8 An chéad chéim eile thíos.

Mar gheall ar nádúr ilchineálach an iompair mhuirí in Éirinn agus de bhrí gur beag caighdeánú atá déanta ar shoithí ná ar a mbonneagar tacaíochta, is beag maitheas a dhéanann sé glacadh leis gur mar a chéile gach duine mar chomhairle nó treoir chinnte. Is fearr an t-ábhar tagartha atá ar fáil a úsáid mar bhunús le hiniúchtaí rochtana a sheoladh agus na fadhbanna agus na saincheisteanna logánta ar leith, a chuireann bac ar rochtain do phaisinéirí faoi mhíchumas luaineachta, a aithint dá réir sin.

6.6 Conas a chinntiú nach bhfeidhmíonn cleachtais oibriúcháin mar bhac

Ba cheart d'oibritheoirí soitheach athbhreithniú a dhéanamh ar na réimsí seo a leanas chun tús a chur le baic ar phaisinéirí faoi mhíchumas luaineachta a bhaint:

  • Oiliúint a chur ar an bhfoireann ar fad conas riachtanais phaisinéirí faoi mhíchumas luaineachta a thuiscint agus conas freagairt dóibh
  • Cuireadh a thabhairt do phaisinéirí faoi mhíchumas luaineachta triail a bhaint as do sheirbhís agus tuairimí a thabhairt
  • Athbhreithniú a dhéanamh go hinmheánach ar a mbíonn ar siúl agat, agus an méid is féidir a fheabhsú a luaithe is féidir
  • Tosú diaidh ar ndiaidh - déan roinnt mionathruithe chun feabhais anois
  • A chinntiú go ndéantar 'promhadh míchumais' ar bheartais agus nósanna imeachta nua nó leasaithe - ionas go mbreithnófar agus go ndíreofar ar an tionchar a bheidh acu ar phaisinéirí faoi mhíchumas luaineachta

6.7 Achoimre ar na Treoirlínte Molta - Soithí

  1. De bhua a ndeartha agus a réimse oibriúcháin baineann deacrachtaí suntasacha le cuid mhaith soithí maidir le láninrochtaineacht a bhaint amach sa ghearrthréimhse. Is é an cuspóir ba cheart a bheith ag oibritheoirí soithí, feabhsuithe a chur chun feidhme ar mhodh pleanáilte agus de réir amscálaí réadacha.
  2. Ba cheart d'oibritheoirí soithí breithniú a dhéanamh ar mhionoibreacha a chur chun feidhme ar nós ráillí láimhe nua a fheistiú, contrárthacht dathanna a fheabhsú trí phéinteáil as an nua nó comharthaíocht nua a fheistiú, tharla gur féidir lena leithéid sin dea-thionchar substaintiúil a imirt ar thaithí an turais do phaisinéirí faoi mhíchumas luaineachta.
  3. Ba cheart d'oibritheoirí soithí a chinntiú go ndéantar seiceáil go rialta agus cothabháil cheart ar an trealamh a úsáidtear chun cur le hinrochtaineacht na seirbhíse.
  4. Nuair nach mbíonn cuid den soitheach inrochtana, ba cheart d'oibritheoirí soithí custaiméirí ionchasacha agus custaiméirí atá ag beartú an tseirbhís a úsáid a chur ar an eolas roimh thús an turais ionas nach gcuirfear as go mór do phaisinéirí faoi mhíchumas luaineachta.
  5. Ba cheart d'oibritheoirí soithí iniúchtaí inrochtana a dhéanamh go rialta ar a seirbhís.
  6. Nuair a bhíonn soithí nua á bhfáil, ba cheart d'oibritheoirí a chinntiú go dtugtar an tosaíocht chuí do ghnéithe inrochtaineachta.

6.8 An chéad chéim eile

Eolas ginearálta

  • Tá eolas curtha ar fáil ag an Disabled Persons Transport Advisory Committee (DPTAC) [An Coiste Comhairleach Iompair do Dhaoine faoi Mhíchumas] sa Ríocht Aontaithe maidir le dearadh agus feidhmiú soithí móra agus beaga araon agus an bonneagar tacaíochta cladaigh don iompar muirí. http://www.dptac.gov.uk
  • Code of Practice for Ferry Accessibility [Cód cleachtais um inrochtaineacht na mbád farantóireachta] forbartha ag an Canadian Transportation Agency [Gníomhaireacht Iompair Cheanada] a chuireann treoirlínte cosúla maidir le hinrochtaineacht ar fáil.
    http://www.cta-otc.gc.ca
  • Ciorclán ón International Maritime Organization [Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta] MSC/Circ.735 Recommendation On The Design And Operation Of Passenger Ships To Respond To Elderly And Disabled Persons' Needs [MSC/Circ.735 Moladh maidir le longa a dhearadh agus a oibriú chun freastal ar riachtanais daoine breacaosta agus daoine faoi mhíchumas]. http://www.transport.ie
  • Chun treoir a fháil maidir le comharthaíocht a dhéanamh inrochtana do dhaoine a bhfuil lagú amhairc orthu, féach www.ncbi.ie (Eolas d'ailtirí agus innealtóirí)
  • Déileálann Inclusive Mobility - A Guide to Best Practice on Access to Pedestrian and Transport Infrastructure [Soghluaisteacht uileghabhálach - treoir don chleachtas is fearr um rochtain ar bhonneagar coisithe agus iompair ] (arna uasdátú 2005) ón Department for Transport [Roinn Iompair] sa Ríocht Aontaithe, Caibidil 10 le comharthaíocht agus eolas. http://www.dft.gov.uk
  • S.I. No.163 (2006) : Disability Act 2005 -Code of Practice on Accessibility of Public Services and Information provided by Public Bodies [I.R. Uimh.163 (2006) : An tAcht um Míchumas 2005 -Cód Cleachtais maidir le hInrochtaineacht Seirbhísí Poiblí agus Faisnéise a chuireann Comhlachtaí Poiblí ar Fáil] http://www.nda.ie
  • Association of Transport Co-ordinating Officers (ATCO) [Oifigigh Chomhordúcháin Iompair] sa Ríocht Aontaithe (2004), Printed Information at Bus Stops, Interim Good Practice Guidelines [Eolas priontáilte ag stadanna bus - treoirlínte idirthréimhseacha maidir le dea-chleachtas].
    http://www.atco.org.uk
  • Association of Transport Co-ordinating Officers (ATCO) [Oifigigh Chomhordúcháin Iompair] sa Ríocht Aontaithe (arna uasdátú 2003), Printed Public Transport Information, a Code of Good Practice [Eolas priontáilte iompair phoiblí, cód dea-chleachtais].
    http://www.atco.org.uk
  • European Conference of Ministers of Transport (ECMT) [Comhdháil Eorpach na nAirí Iompair] (2006), Improving Transport Accessibility for All, a Good Practice Guide [Inrochtaineacht feabhsaithe iompair do chách, treoir um dhea-chleachtais]
    http://www.internationaltransportforum.org
  • European Conference of Ministers of Transport (ECMT) [Comhdháil Eorpach na nAirí Iompair] agus International Association of Public Transport (UITP) [An Cumann Idirnáisiúnta Iompair Phoiblí] (2004), Improving Access to Public Transport [Feabhsú rochtana ar iompar poiblí], Geneva, OECD Publishing/UIPT
    http://www.uitp.org

Éasca le Léamh agus Béarla Soiléir

Tá treoirlínte, Writing and Design Tips [Leideanna scríobhneoireachta agus deartha] ag National Adult Literacy Agency [an Áisíneacht Náisiúnta Litearthachta do Aosaigh], maidir le doiciméid a dhéanamh níos furasta le léamh. Breis eolais maidir leis an doiciméad sin le fáil ar a suíomh idirlín: http://www.nala.ie

Suíomhanna Idirlín

  • Chun treoir a fháil maidir le hinrochtaineacht suíomhanna idirlín agus conas suíomh idirlín a thástáil le haghaidh inrochtaineachta féach http://universaldesign.ie
  • Leathanach baile an W3C Web Accessibility Initiative [Tionscnamh inrochtaineachta Gréasáin an W3C] (WAI)
    http://w3.org/wai
  • Web Content Accessibility Guidelines [Treoirlínte inrochtaineachta um ábhar Gréasáin] (WCAG 2.0) http://www.w3.org/

Eolas Idirghníomhach

  • The National Disability Authority IT Accessibility Guidelines [Treoirlínte Inrochtaineachta TE an Údaráis Náisiúnta Míchumais] a fholaíonn treoirlínte don idirlíon, telecom, feidhmchláir bogearraí agus teirminéil rochtana poiblí. http://universaldesign.ie

Paisinéirí a bhfuil lagú amhairc orthu

  • Cuireann National Council for the Blind of Ireland [Comhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill] comhairle ar fáil conas doiciméid chlóite a dhéanamh inrochtana agus seirbhísí tiontaithe meán, ag http://www.ncbi.ie
  • Chun treoir níos ginearálta a fháil maidir le cineálacha éagsúla eolais a dhéanamh inrochtana do dhaoine a bhfuil lagú amhairc orthu, féach suíomh idirlín an RNIB sa Ríocht Aontaithe, http://www.rnib.org.uk

Paisinéirí atá bodhar nó a bhfuil moill éisteachta orthu

  • Chun treoir níos ginearálta a fháil maidir le heolas a dhéanamh inrochtana do dhaoine atá bodhar nó a bhfuil moill éisteachta orthu, féach suíomh idirlín an RNID sa Ríocht Aontaithe, http://www.rnid.org.uk

Paisinéirí a bhfuil míchumas intleachta orthu

  • Chun acmhainn pictiúir a cheannach chun eolas a dhéanamh inrochtana do dhaoine a bhfuil míchumas intleachta orthu, féach suíomh idirlín UK CHANGE : http://www.changepeople.co.uk/
  • Ag leibhéal na hEorpa is tionscadal trasnáisiúnta é Tionscadal MAPLE (improving Mobility and Accessibility for People with Learning disabilities in Europe [Soghluaisteacht agus inrochtaineacht do dhaoine atá faoi mhíchumais foghlama san Eoraip]) chun soghluaisteacht daoine a bhfuil míchumas intleachta orthu a chur chun cinn agus a fheabhsú, agus daoine a bhfuil deacrachtaí meabhairghalair acu. Féachann sé leis an dea-chleachtas a aithint, a fhiosrú agus a scaipeadh chun inrochtaineacht áiseanna iompair phoiblí a fheabhsú - féach http://www.maple-eu.com


Back to top