Caibidil 8 - Oiliúint Chomhionannais Mhíchumais

8.1 Réamhrá

Tá sé tábhachtach go dtuigeann foireann na n-oibritheoirí iompair paisinéara mhuirí na riachtanais a bhíonn ag paisinéirí faoi mhíchumas luaineachta agus go mbíonn siad ábalta freagairt dá riachtanais go cuí. Ceann de na slite is éifeachtúla le cinntiú go bhforbraíonn an fhoireann tuiscint ar riachtanais paisinéirí faoi mhíchumas luaineachta is ea clár oiliúna cuí a chur chun feidhme.

Ligeann an oiliúint chomhionannais mhíchumais d'fhoghlaimeoirí an míchumas a fhiosrú laistigh de chomhthéacs níos leithne an chomhionannais agus cuimsiú sóisialta, agus lánaitheantas á thabhairt do chearta daoine faoi mhíchumas a bheith rannpháirteach i saol eacnamaíoch, sóisialta agus cultúrtha na sochaí. Ar an gcaoi sin is mó go mór a bhíonn i gceist ná an oiliúint fheasachta thraidisiúnta, ar chéad chéim chuí a d'fhéadfadh a bheith ann, áfach, san oiliúint foirne. Spreagann an oiliúint chomhionannais mhíchumais foghlaimeoirí na hathruithe ar iompar pearsanta agus eagraíochtúil a theastaíonn chun a chinntiú go mbeidh rochtain chomhionann ar sheirbhísí ag daoine faoi mhíchumas. Dearcadh iomlánaíoch atá i gceist i leith eagraíochta, agus dírítear ar an raon leathan athruithe a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil le deimhniú go mbíonn daoine faoi mhíchumas ábalta teacht ar na seirbhísí a sholáthraíonn an eagraíocht chomh maith le cách. Ar na hathruithe sin a d'fhéadfadh a bheith i gceist, tá athruithe ar áiseanna, ar bheartais agus ar nósanna imeachta. Braithfidh fairsinge na hoiliúna ar chomhionannas míchumais a bheidh le soláthar ar mhéid na heagraíochta, athrúchán foirne agus nádúr na seirbhísí a bheidh á gcur ar fáil.

8.2 Cé is ceart a oiliúint?

Beidh leibhéal éigin oiliúna maidir le saincheisteanna míchumais ag teastáil ón bhfoireann go léir, lena n-áirítear an fhoireann túslíne, an fhoireann a bhíonn ag déileáil le custaiméirí, bainisteoirí, an fhoireann riaracháin agus theicniúil. Tá sé tábhachtach go gcuirtear oiliúint ar chonraitheoirí seachtracha de réir an leibhéil chéanna le foireann a fhostaítear go díreach, go háirithe oifigigh shlándála nó an fhoireann ghlantacháin a mbíonn teagmháil dhíreach acu le custaiméirí.

Ba cheart d'oibritheoirí a chinntiú freisin go mbíonn tuiscint chuimsitheach ar shaincheisteanna míchumais agus inrochtana ag na comhaltaí foirne sin a bhíonn áirithithe chun seirbhísí gairmiúla a chur ar fáil (ar nós ailtirí, dearthóirí grafacha agus dearthóirí gréasáin). Ba cheart go dtuigfeadh gach duine in eagraíocht an oibritheora riachtanais na bpaisinéirí faoi mhíchumas luaineachta mar a bhaineann siad lena bpoist féin, ionas gur féidir le gach comhalta foirne seirbhís chuí, urramach, ar chaighdeán maith a chur ar fáil do phaisinéirí faoi mhíchumas luaineachta. D'fhéadfadh sé a bheith faoi aon chomhalta den fhoireann déileáil le deacracht a bheadh ag paisinéir, mar sin tá sé tábhachtach oiliúint a bheith ar an bhfoireann go léir conas déileáil le gach paisinéir go cuí. Beidh na comhaltaí foirne sin a mbeidh oiliúint maidir le saincheisteanna míchumais faighte acu ullmhaithe níos fearr chun a bheith ag obair le comhghleacaithe faoi mhíchumas.

8.3 Cén oiliúint ba cheart a thabhairt?

Ní theastaíonn an leibhéal céanna oiliúna maidir le saincheisteanna míchumais ó gach comhalta foirne, agus ba cheart don oiliúint do gach catagóir foirne a bheith i gcomhréir lena bhfeidhmeanna laistigh den eagraíocht. Beidh gá le níos mó faoin dlí a bheith ar eolas ag bainisteoirí sinsearacha, mar shampla. Caithfidh siad a fhios a bheith acu freisin conas córais bearta eagraíochtúla a fhorbairt a chumasóidh an dea-chleachtas fostaíochta agus a chinnteoidh go gcuirtear scothsheirbhís do chustaiméirí ar fáil do phaisinéirí faoi mhíchumas luaineachta.

Caithfidh tuiscint a bheith ag comhaltaí foirne a oibríonn go díreach le paisinéirí ar na gnéithe praiticiúla den mhíchumas - mar shampla, conas duine a bhfuil lagú amhairc air nó uirthi a threorú nó conas píosa trealaimh áirithe a úsáid. Caithfidh siad a fhios a bheith acu freisin cathain agus conas a bhíonn sé oiriúnach freagairt do shaincheisteanna a d'fhéadfadh a bheith ag paisinéirí faoi mhíchumas luaineachta. Caithfidh dearthóirí (cibé acu foireann inmheánach nó comhairleoirí seachtracha) tuiscint a bheith acu ar phrionsabail an deartha chuimsithigh cibé réimse ina n-oibríonn siad - folaíonn sin, mar shampla, ailtirí, dearthóirí soithí, speisialtóirí i dteicneolaíocht na faisnéise agus mar sin de.

Áiríonn an raon saincheisteanna a bhféadfadh gá a bheith le hiad a bheith mar chuid den oiliúint:

  • Comhthéacs an mhíchumais, an chuimsithe agus an chomhionannais
  • An cás gnó - lena n-áirítear saincheisteanna airgeadais agus margaíochta
  • An dlí - fostaíocht agus seirbhísí do chustaiméirí
  • Dúshlán na steiréitíopaí agus na réamhthuairimíochta a thabhairt
  • Déileáil le paisinéirí faoi mhíchumas luaineachta - teanga, béasaíocht, scileanna praiticiúla agus úsáid trealaimh
  • Oibriú cuimsitheach - fáil réidh le constaicí cleachtais, beartais agus nóis imeachta
  • Dearadh cuimsitheach - fáil réidh le constaicí sa timpeallacht fhisiciúil
  • Faisnéis chuimsitheach - fáil réidh le constaicí ar chumarsáid agus ar sholáthar eolais

8.4 Conas ba cheart an oiliúint a chur ar fáil?

Ba cheart go mbeadh an oiliúint chomhionannais mhíchumais mar dhlúthchuid de chlár oiliúna comhtháite. Ní gá í a chur ar fáil sa seomra ranga áfach - ag brath ar nádúr na hoiliúna agus éilimh ar an láthair ón bhfoireann faoi oiliúint, is féidir í a chur ar fáil i slite éagsúla, lena n-áirítear oiliúint ar an láthair, cianfhoghlaim, ríomhfhoghlaim, físeáin, seisiúin fhaisnéise, ceardlanna, nó foghlaim tionscadalbhunaithe. D'fhéadfadh seisiún faisnéise maidir le buntáistí gnó na hinrochtana a bheith ar an mbealach is éifeachtaí do bhainisteoirí sinsearacha an t-eolas a fháil. Is fearr a sholáthraítear oiliúint maidir le húsáid trealaimh don fhoireann túslíne / don fhoireann a bhíonn ag déileáil le custaiméirí sa timpeallacht oibre, mar chuid de chlár oiliúna níos leithne, b'fhéidir. Féadfar oiliúint ghinearálta ar chomhionannas míchumais a chur ar fáil go rathúil trí chúrsaí cianfhoghlama freisin.

Maidir le cé a chuireann an oiliúint ar fáil, is gá rogha a dhéanamh freisin. Beidh tuiscint níos fearr ag an bhfoireann inmheánach ar nádúr ghnó an oibritheora, ach d'fhéadfadh an saineolas agus an taithí a bheith in easnamh orthu chun oiliúint fhíoréifeachtúil a chur ar fáil. Féadann dea-thoradh a bheith ar dhaoine faoi mhíchumas a úsáid mar oiliúnóirí, ar an ábhar gur féidir leo labhairt go díreach óna dtaithí phearsanta dhíreach féin; agus is féidir leis sin dlús a chur leis an bpróiseas chun meon agus iompar foirne a athrú.

De bhreis air sin, ba cheart breithniú éigin a dhéanamh ar ráta seachadta an chláir oiliúna, ionas gur féidir an fhoireann a oiliúint laistigh de thréimhse ama réasúnta. Ba cheart go léireodh ráta agus acmhainní an chláir oiliúna méid eagraíocht an oibritheora. I gcás móroibritheoirí, tá sé níos feiliúnaí dul chun cinn sa réimse sin a mheas de réir an chéatadáin den fhoireann ar a gcuirtear oiliúint seachas de réir uimhreacha amháin.

Níor mhór roinnt nithe tábhachta a chur san áireamh maidir le hoiliúint chomhionannais mhíchumais:

  • Ba cheart go mbeadh an oiliúint dírithe ar chomhionannas, agus dírithe ar an bhfíric go bhfuil custaim paisinéirí faoi mhíchumas luaineachta chomh luachmhar céanna le paisinéirí eile agus go gcaithfear an ceart céanna chun taistil a thabhairt dóibh
  • Tá sé riachtanach baint a bheith ag daoine faoi mhíchumas le dearadh na hoiliúna
  • Ba cheart go mbeadh cuntas teiste maith ag oiliúnóirí maidir le hoiliúint éifeachtach a chur ar fáil
  • Mura daoine faoi mhíchumas iad na hoiliúnóirí, ba cheart gur daoine iad le taithí fhairsing ar bheith ag obair i bpáirt le daoine faoi mhíchumas, nó daoine atá oilte ag eagraíochtaí cláraithe cuí chun an oiliúint a chur ar fáil
  • Ba cheart go mbeadh tuairimí agus taithí daoine faoi mhíchumas mar chuid den oiliúint, beag beann ar an modh ina gcuirtear an oiliúint ar fáil. D'fhéadfadh na cúrsaí, mar shampla, míreanna físe a bheith mar chuid díobh de dhaoine faoi mhíchumas ag cur síos ar a gcuid taithí. In ábhar oiliúna clóite, d'fhéadfaí cás-staidéir daoine faoi mhíchumas agus a gcuid taithí a chur san áireamh
  • Ba cheart go mbeadh tuiscint éigin ag oiliúnóirí seachtracha ar fheidhmiú an tionscail iompair paisinéara mhuirí agus ar na saincheisteanna sábháilteachta lena mbaineann, chomh maith leis na srianta sonracha a bhaineann leis an iompar paisinéara muirí. B'fhéidir go gcabhródh sé freisin dá socrófaí seisiún cainte le comhaltaí foirne lárnacha nuair a bhíonn an cúrsa á dhearadh
  • Ba cheart go gcuimseodh an oiliúint conas faireachán éifeachtach a dhéanamh ar thionchar na hoiliúna ar sheirbhísí ardchaighdeáin a chur ar fáil, agus ba cheart cur chuige dea-chleachtais le haghaidh faireacháin éifeachtaigh a bheith mar chuid di
  • Ba cheart go léireodh an imeacht oiliúna féin prionsabail na dea-rochtana agus ba cheart í a eagrú in ionad inrochtana. Ba cheart a iarraidh ar an lucht freastail maidir lena riachtanais rochtana féin, agus ba cheart freastal do na riachtanais sin. Dá mainneofaí déanamh amhlaidh bheadh sé le tuiscint nach meastar an míchumas a bheith chomh tábhachtach sin
  • Beidh gá athbhreithniú a dhéanamh ar na cúrsaí oiliúna go léir atá ann cheana le cinntiú go bhfuil teacht ar ábhar maith oiliúna
  • Ba cheart faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht na hoiliúna trína tionchar ar sholáthar seirbhísí ardchaighdeáin do chustaiméirí a fhíorú

8.5 Cathain a theastaíonn oiliúint ó dhaoine?

Is iad na tráthanna is oiriúnaí chun oiliúint a chur ar fáil don fhoireann:

  • Ag an ionduchtúchán
  • Ar bhonn leanúnach - mar shampla, cúrsaí athnuachana bliantúla mar chuid de chlár comhaontaithe
  • Nuair a chuirtear aon athruithe suntasacha ar an gcleachtas seirbhíse
  • Nuair a athraíonn comhaltaí foirne a ról agus go dteastaíonn scileanna difriúla uathu

Mura mbíonn oiliúint chomhionannais mhíchumais curtha ar fáil don fhoireann cheana féin, nó má bhíonn éiginnteacht ag baint le caighdeán na hoiliúna atá curtha ar fáil, beidh gá le clár a bhunú le cinntiú go bhfaigheann an fhoireann uile oiliúint ar chomhionannas míchumais le linn tréimhse ar leith.

8.6 Achoimre ar na Treoirlínte Molta - Oiliúint Chomhionannais Mhíchumais

  1. Ba cheart d'oibritheoirí iompair paisinéara mhuirí oiliúint chuí a chur ar fáil don fhoireann le cinntiú go dtuigeann an fhoireann riachtanais paisinéirí faoi mhíchumas luaineachta agus go mbeidh siad ábalta freagairt dóibh go héifeachtach i ndáil lena bpoist féin.
  2. Ba cheart d'oibritheoirí iompair paisinéara mhuirí breithniú a dhéanamh ar oiliúint chomhionannais mhíchumais a chur chun feidhme, mar chuid den chlár oiliúna don phost. Ba cheart an oiliúint a bheith á cur ar fáil ag oiliúnóirí le taithí a bhfuil cuntas teiste maith acu san oiliúint chomhionannais mhíchumais.
  3. Ba cheart d'oibritheoirí iompair paisinéara mhuirí faireachán a dhéanamh go rialta ar éifeachtacht na hoiliúna.

8.7 An chéad chéim eile

  • Guidelines for Purchasers of Disability Equality Training [Treoirlínte le haghaidh Ceannaitheoirí Oiliúint Chomhionannais Mhíchumais], NDA, (2005), http://www.nda.ie
  • Guidelines on Equality and Diversity Training in Enterprises [Treoirlínte ar Oiliúint Chomhionannais agus Éagsúlachta i bhFiontair] foilsithe ag Equality Authority [an Údarás Comhionannais], http://www.equality.ie
  • Cuireann FÁS liosta d'oiliúnóirí ar fáil ar National Register of Trainers Search Engine [inneall Cuardaigh Chlár Náisiúnta na nOiliúnóirí] http://jobbank.fas.ie


Back to top