Ceanglaítear ar oibritheoirí iompair paisinéara muirí pleananna agus nósanna imeachta a bheith i bhfeidhm acu chun ullmhú do mhíchor agus éigeandáil a d'fhéadfadh tarlú le linn seirbhísí iompair a chur ar fáil, ar shoithí agus i saoráidí cladaigh araon, agus chun déileáil leo. Is féidir míchor a shainmhíniú mar imeachtaí a chuireann isteach ar ghnáthchúrsa seirbhísí - mar shampla, míchor neamhbheartaithe mar gheall ar shoitheach do bhriseadh síos, nó míchor beartaithe de bharr dul sa duga tirim agus suirbhé bliantúil. Bíonn éigeandáil níos tromchúisí de bhrí go mbíonn gníomh láithreach ag teastáil. Samplaí a d'fhéadfaí a lua is ea dóiteán, nó uisce ag teacht isteach gan srian, nó fabht tromchúiseach ar bord soithigh, nó bagairt slándála.
Ní mór d'oibritheoirí foirgneamh iompair paisinéara mhuirí cloí le raon reachtaíochta le cinntiú go mbíonn foirgnimh slán don fhoireann agus do chustaiméirí; áiríonn siad sin na hAchtanna Seirbhísí Dóiteáin (1981 agus 2003), an tAcht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair (2005) agus reachtaíocht um Rialú Foirgníochta. Beidh ar oibritheoirí soithí cloí leis na hAchtanna Loingis Cheannaíochta agus dlí an AE. Is le hionstraimí reachtúla (I.R.) a fhorfheidhmítear an chuid is mó den dlí muirí de ghnáth. Forordaíonn na hionstraimí reachtúla rialacháin maidir le foirgníocht, comhrac dóiteáin, trealamh tarrthála, foirniú soithí, sláinte agus sábháilteacht agus cloí leis an gCód um Bainistiú Sábháilteachta Idirnáisiúnta (ISM). Baineann an Cód um Shlándáil Long agus Saoráidí Poirt (ISPS) le longa a bhíonn ag trádáil go hidirnáisiúnta agus leis na saoráidí poirt móra sa Stát araon.
Chun déileáil le héigeandáil agus le míchor, is gá ar dtús pleananna éigeandála agus pleananna míchoir cuí a ullmhú agus a fhorbairt. Is gnách go gcuirfí na pleananna sin chun feidhme de réir an chórais bainistíochta sábháilteachta do shoithí. Chuirfí pleananna cosúla chun feidhme do chríochfoirt cuain agus saoráidí cladaigh. Ba cheart pleananna atá ann cheana a athbhreithniú ó am go chéile agus ba cheart iad a mheasúnú le cinntiú go n-aithnítear agus go ndéantar de réir riachtanas paisinéirí faoi mhíchumas luaineachta.
Tá croíbhaint ag an ullmhúchán agus an phleanáil le seirbhís ardchaighdeáin do chustaiméirí a chothabháil le linn éigeandála agus míchoir. Cuirtear frustrachas ar phaisinéirí nuair nach mbíonn a fhios acu cad tá ag tarlú, seachas ag an míchor féin ann féin. Má dhéantar pleananna agus nósanna imeachta a fhorfheidhmiú i gceart, déanfaidh na paisinéirí níos lú gearán.
Chun déileáil le míchoir dhóchúla a thitfidh amach ar bhonn níos rialta, teastaíonn nósanna imeachta simplí, éifeachtacha chun cur ar chumas na foirne cumarsáid a dhéanamh le paisinéirí. Ba cheart d'oibritheoirí iompair paisinéara mhuirí a chinntiú go ndéantar sin ar mhodh a thuigfidh gach paisinéir, lena n-áirítear iad siúd faoi mhíchumas luaineachta.
Tá dhá ghné riachtanacha ba cheart d'oibritheoirí iompair paisinéara mhuirí cuimhneamh orthu agus na nósanna imeachta á n-ullmhú le haghaidh éigeandála nó míchoir:
1. Sonraí a thabhairt maidir leis an míchor a luaithe is féidir
Nuair a chuirtear eolas ar fáil a luaithe is féidir agus foláireamh maidir le míchoir bheartaithe, bíonn deis ag paisinéirí pleananna eile a dhéanamh. I gcás míchoir neamhphleanáilte, is fearr daoine a chur ar an eolas sara gceannaíonn siad ticéid. Is fearr eolas a thabhairt do dhaoine maidir le míchoir sula bhfágann siad an baile agus is féidir é sin a dhéanamh i slite éagsúla (an raidió, an guthán, suíomh idirlín, téacstheachtaireachtaí SMS, agus ríomhphost).
Ba cheart labhairt le paisinéirí maidir le míchoir le linn an turais (nuair a bhíonn paisinéirí ar bord an tsoithigh), mar ligfidh sin dóibh socruithe eile a dhéanamh, trí dhul i dteagmháil le daoine ag fanacht leo ag deireadh an aistir, b'fhéidir. Ba cheart go léireodh an tslí ina gcuirtear an t-eolas sin ar fáil riachtanais fhaisnéise daoine difriúla.
2. Eolas ábhartha a chur ar fáil
Tá sé tábhachtach eolas ábhartha a chur ar fáil. Má bhriseann soitheach síos, ba cheart paisinéirí a chur ar an eolas an féidir soitheach ionaid a chur ar fáil nó nach féidir. Ba cheart pleananna agus nósanna imeachta chun déileáil le míchor a chur in iúl don fhoireann agus a chur isteach i gcláir oiliúna foirne.
Ní hé nádúr na n-éigeandálaí é a bheith ag titim amach go minic, ach is suntasach an cleachtadh é, beartú conas déileáil le héigeandálaí, lena mbaineann éigeandálaí dóchúla a d'fhéadfadh tarlú a aithint agus pleananna agus nósanna imeachta a dhearadh chun dul i ngleic leo. Beidh gá go minic in éigeandáil daoine a aslonnú ó fhoirgneamh nó ó shoitheach nó ó chuid de cheachtar acu agus, dá réir sin, beidh gá le breithniú a dhéanamh ar conas is féidir le gach paisinéir, paisinéirí faoi mhíchumas luaineachta san áireamh, aslonnú go dtí áit shábháilteachta chuí. Gan amhras, dá mhéid a bhíonn foirgneamh nó soitheach inrochtana, is ea is furasta a bheidh sé é a aslonnú i gcás éigeandála.
Ní mór d'oibritheoirí riachtanais shainiúla paisinéirí faoi mhíchumas luaineachta a chur san áireamh i gcásanna éigeandála. Mar shampla, ní chloisfidh daoine atá bodhar nó a bhfuil moill éisteachta ag dul dóibh clog gnáthaláraim dhóiteáin. B'fhéidir nach mbeadh ar chumas roinnt daoine faoi mhíchumas luaineachta, a bhíonn ábalta gluaiseacht astu féin de ghnáth, déanamh amhlaidh go sábháilte i gcás aslonnaithe agus líon mór daoine eile ag gluaiseacht go tapa i dtreo na mbealach éalaithe dóiteáin. Tá an-chuid ardaitheoirí nach bhfuil deartha lena n-úsáid i gcás éigeandála, mar sin d'fhéadfadh sé go mbeidh an dara rogha ag teastáil chun úsáideoirí cathaoireacha rothaí agus daoine eile maolghluaisteachta a aistriú suas agus síos staighre le linn aslonnaithe. Ar na roghanna atá ann, tá cathaoireacha aslonnaithe (cinn láimhe agus cinn thiomáinte) chun duine a úsáideann cathaoir rothaí a thógáil suas staighre nó síos staighre, ag brath ar leithead agus leagan amach an staighre. D'fhéadfadh cásanna a bheith ann nuair is é an rogha is lú priacail ná gnáthardaitheoirí a úsáid le linn aslonnaithe, cé nár cheart déanamh amhlaidh ach amháin tar éis do dhuine inniúil measúnú riosca cuimsitheach a dhéanamh.
De ghnáth beidh níos lú fadhbanna ag soithí a bhfuil ardleibhéal inrochtana acu agus paisinéirí faoi mhíchumas luaineachta a aslonnú, ach is iad an oiliúint agus cleachtadh sábháilteachta a eagrú go rialta an t-ullmhúchán is oiriúnaí chun déileáil le héigeandáil agus nósanna imeachta éigeandála a chur i gcrích. Tá sé de fhreagracht ar gach oibritheoir soithigh pleananna agus nósanna imeachta éifeachtacha a chur i bhfeidhm chun déileáil le staideanna éigeandála agus chun gach paisinéir a aslonnú go sábháilte. Ba cheart d'oibritheoirí a machnamh a dhéanamh go háirithe ar Phlean Fágála Éigeandála Pearsanta (PFÉP) a ullmhú le cinntiú go mbeartaítear agus go n-aontaítear riachtanais aslonnaithe paisinéirí nó comhaltaí foirne áirithe sula mbíonn aon éigeandáil ann. B'fhéidir go gcabhródh sé PFÉP caighdeánach a ullmhú do phaisinéirí atá faoi chineálacha áirithe míchumais - mar shampla, d'úsáideoirí cathaoireacha rothaí nó dóibh siúd atá dall nó a bhfuil lagú amhairc orthu. Tá sé tábhachtach go dtuigfeadh an fhoireann áfach go mbíonn cumais agus riachtanais éagsúla ag gach paisinéir, agus go mbeidh gá le solúbthacht mar sin agus PFÉP á chur chun feidhme.
Ba cheart d'oibritheoirí breithniú a dhéanamh ar a fhiafraí de chustaiméirí nuair a dhéanann siad áirithint, an dóigh leo go dteastóidh cuidiú uathu le linn aslonnaithe.
Ba cheart pleananna agus nósanna imeachta le haghaidh éigeandalaí agus míchoir a chur faoi réir measúnaithe agus iniúchta chomh maith le tástáil phraiticiúil a dhéanamh ar a nósanna imeachta. Tá sé tábhachtach go gcinntíonn oibritheoirí iompair paisinéara mhuirí go bhfreastalaíonn siad do riachtanais a gcuid paisinéirí uile. Tá cás láidir le déanamh freisin ar son paisinéirí faoi mhíchumas luaineachta a bheith rannpháirteach in iniúchadh agus tástáil a dhéanamh ar na pleananna agus na nósanna imeachta. Ba cheart d'oibritheoirí breithniú a dhéanamh ar shaineolaithe inrochtana gairmiúla a fhostú chun iniúchtaí a sheoladh, tharla go mbeidh siad ábalta measúnú a dhéanamh de réir raon leathan paraiméadar inrochtaineachta agus cineálacha éagsúla máchaile, rud nach mbeidh ar chumas iniúchóirí nach saineolaithe iad a dhéanamh, b'fhéidir, fiú más daoine faoi mhíchumas iad.