Aguisín 4: Treoirlínte Achomair
Achoimre ar na Treoirlínte Molta - Eolas
- Ba cheart d'oibritheoirí iompair
paisinéara mhuirí a chinntiú go gcuirtear eolas ar
fáil i bhformáidí éagsúla inrochtana ar na
pointí éagsúla ag a mbeidh se ag teastáil ón
bpaisinéir - roimh thús an turais, ag an gcaladh nó
sa chuan, ar an soitheach agus tar éis an soitheach a
fhágáil.
- Ba cheart d'oibritheoirí iompair
paisinéara mhuirí a chinntiú, ar a laghad, go bhfuil eolas,
amchláir agus suíomhanna idirlín éigeandála
agus sábháilteachta práinneacha ar fáil do
chách.
- Ba cheart d'oibritheoirí iompair
paisinéara mhuirí a chinntiú go gcuirtear eolas sonrach
maidir le conas cuidiú a fháil ar fáil do
phaisinéirí faoi mhíchumas luaineachta.
- Caitheann comhaltaí foirne ábhartha a
fhostaíonn oibritheoirí iompair paisinéara mhuirí a
bheith ábalta eolas cruinn soiléir a chur ar fáil do
phaisinéirí faoi mhíchumas luaineachta.
- Ba cheart d'oibritheoirí iompair
paisinéara mhuirí a chinntiú inrochtaineacht an eolais a
chuireann siad ar fáil dá bpaisinéirí a
sheiceáil go rialta.
Achoimre ar na Treoirlínte Molta - foirgnimh, poirt, cuanta agus céanna
- Ba cheart d'oibritheoirí port, cuanta agus
céanna pleananna a chur i bhfeidhm chun inrochtaineacht a mbonneagair
agus a bhfoirgnimh a fheabhsú agus na sonraí sin a roinnt le
paisinéirí faoi mhíchumas luaineachta.
- Ba cheart d'oibritheoirí port, cuanta agus
céanna dul i gcomhairle, agus, nuair is cuí, obair i
gcomhpháirtíocht le gníomhaireachtaí eile ar
nós na n-údarás áitiúil, chun inrochtaineacht
fhoriomlán an bhonneagair iompair mhuirí agus na timpeallachta
tógtha a fheabhsú.
- Nuair a bhíonn foirgnimh, críochfoirt, cuanta
nó céanna á bhforbairt nó á
n-athchóiriú, ba cheart d'oibritheoirí a
chinntiú go bhfuil teacht go hiomlán orthu ag gach
paisinéir faoi mhíchumas luaineachta, de réir na treorach a
thugann an tÚdarás Náisiúnta Míchumais in
Tógáil do Chách.
- Ba cheart d'oibritheoirí port, cuanta agus
céanna a chinntiú go seolann iniúchóirí oilte
a bhfuil taithí acu iniúchtaí inrochtaineachta ó am
go chéile ar an mbonneagar agus an timpeallacht thógtha.
Gné lárnach a bheidh le cur san áireamh ag an
iniúchóir a bheidh san aiseolas ó phaisinéirí
faoi mhíchumas luaineachta.
Achoimre ar na Treoirlínte Molta - Soithí
- De bhua a ndeartha agus a réimse
oibriúcháin baineann deacrachtaí suntasacha le cuid mhaith
soithí maidir le láninrochtaineacht a bhaint amach sa
ghearrthréimhse. Is é an cuspóir ba cheart a bheith ag
oibritheoirí soithí feabhsuithe a chur chun feidhme ar mhodh
pleanáilte agus de réir amscálaí réadacha.
- Ba cheart d'oibritheoirí soithí
breithniú a dhéanamh ar mhionoibreacha a chur chun feidhme ar
nós ráillí láimhe nua a fheistiú,
contrárthacht dathanna a fheabhsú trí
phéinteáil as an nua nó comharthaíocht nua a
fheistiú, tharla gur féidir lena leithéid sin dea-thionchar
substaintiúil a imirt ar thaithí an turais do
phaisinéirí faoi mhíchumas luaineachta.
- Ba cheart d'oibritheoirí soithí a
chinntiú go ndéantar seiceáil go rialta agus
cothabháil cheart ar an trealamh a úsáidtear chun cur le
hinrochtaineacht na seirbhíse.
- Nuair nach mbíonn cuid den soitheach inrochtana, ba
cheart d'oibritheoirí soithí custaiméirí
ionchasacha agus custaiméirí atá ag beartú an
tseirbhís a úsáid a chur ar an eolas roimh thús an
turais ionas nach gcuirfear as go mór do phaisinéirí faoi
mhíchumas luaineachta.
- Ba cheart d'oibritheoirí soithí
iniúchtaí inrochtana a dhéanamh go rialta ar
a seirbhís.
- Nuair a bhíonn soithí nua á
bhfáil, ba cheart d'oibritheoirí a chinntiú go
dtugtar an tosaíocht chuí do ghnéithe
inrochtaineachta.
Achoimre ar na Treoirlínte Molta - Caidreamh le Custaiméirí
- Ba cheart d'oibritheoirí iompair
paisinéara mhuirí, nuair is cuí, custaiméirí
a choinneáil ar an eolas maidir lena bpleananna
feabhsúcháin inrochtana.
- Ba cheart d'oibritheoirí iompair
paisinéara mhuirí seirbhís chuí a chur ar
fáil do chustaiméirí a fhéachfaidh leis na
constaicí a bhíonn le sárú ag
paisinéirí faoi mhíchumas luaineachta a
mhaolú.
- Ba cheart go ndéanfaí cuid de dhualgais rialta
gach comhalta foirne ag oibritheoirí iompair paisinéara
mhuirí é, a bheith ag freastal do riachtanais
paisinéirí faoi mhíchumas luaineachta.
- Ba cheart d'oibritheoirí iompair
paisinéara mhuirí meicníochtaí
comhairliúcháin inrochtana a úsáid ar bhonn rialta
chun cumarsáid éifeachtach a bhunú le
paisinéirí faoi mhíchumas luaineachta.
- Ba cheart d'oibritheoirí iompair
paisinéara mhuirí leanúint de bheith ag déanamh
faireacháin ar chaighdeán na seirbhísí a chuireann
siad ar fáil do phaisinéirí faoi mhíchumas
luaineachta.
Achoimre ar na Treoirlínte Molta - Oiliúint Chomhionannais Mhíchumais
- Ba cheart d'oibritheoirí iompair
paisinéara mhuirí oiliúint chuí a chur ar
fáil don fhoireann le cinntiú go dtuigeann an fhoireann
riachtanais paisinéirí faoi mhíchumas luaineachta agus go
mbeidh siad ábalta freagairt dóibh go héifeachtach i
ndáil lena bpoist féin.
- Ba cheart d'oibritheoirí iompair
paisinéara mhuirí breithniú a dhéanamh ar
oiliúint chomhionannais mhíchumais a chur chun feidhme, mar chuid
den chlár oiliúna don phost. Ba cheart an oiliúint a bheith
á cur ar fáil ag oiliúnóirí le taithí
a bhfuil cuntas teiste maith acu san oiliúint chomhionannais
mhíchumais.
- Ba cheart d'oibritheoirí iompair
paisinéara mhuirí faireachán a dhéanamh go rialta ar
éifeachtacht na hoiliúna.
Achoimre ar na Treoirlínte Molta - Briseadh agus Éigeandáil
- Ní mór d'oibritheoirí iompair
paisinéara mhuirí a chinntiú go n-aithnítear
sainriachtanais paisinéirí faoi mhíchumas luaineachta agus
go bhforáiltear dóibh i gcás éigeandála agus
míchoir.
- Ba cheart d'oibritheoirí iompair
paisinéara mhuirí breithniú a dhéanamh ar
PFÉP a ullmhú le cinntiú go mbeartaítear agus go
n-aontaítear riachtanais aslonnaithe paisinéirí nó
comhaltaí foirne áirithe roimh aon éigeandáil a
bheith ann.
- Ní mór d'oibritheoirí iompair
paisinéara mhuirí a chinntiú go ndéantar
tástáil rialta ar phleananna agus nósanna imeachta chun
déileáil le héigeandálaí agus míchoir,
trí chleachtadh agus druileanna a dhéanamh. Ní mór
athbhreithniú a dhéanamh ar thorthaí na ndruileanna
sin agus iad a úsáid chun nósanna imeachta agus
oiliúint a chuirtear ar fáil don fhoireann a dhéanamh
bailí nó a uasghrádú.
Back to top