5. Ag dul ó áit go háit

a. Iompar

Tá feabhas tagtha cheana féin ar an gcóras iompair phoiblí chomh fada is a bhaineann sé le daoine faoi mhíchumas de.Tá busanna i gCorcaigh, i nGaillimh, i Luimneach agus i bPort Láirge agus leath de na busanna i mBaile Átha Cliath oiriúnach anois do dhaoine faoi mhíchumas.

Cuireadh beagnach 800 stad bus i mBaile Átha Cliath i gcaoi is go mbeadh siad in oiriúint níos fearr do dhaoine faoi mhíchumas. Is féidir le gach uile dhuine dul ar an LUAS. Fágfaidh na carráistí nua go mbeidh na seirbhísí traenach níos fearr dóibh freisin. De réir rialacháin Eorpacha, ní mór d'aerlínte freastal ar riachtanais na bpaisinéirí faoi mhíchumas.Tá tús curtha leis an obair chun saoráidí do phaisinéirí ag stáisiúin, ag calafoirt agus ag aerfoirt a chur i gcaoi is go mbeadh sé níos éasca ag daoine faoi mhíchumas úsáid a bhaint astu.

Ach, cé go bhfuil tús maith curtha leis an obair, níl dóthain déanta fós. Seo roinnt de na rudaí a fhágfaidh go mbeidh sé níos éasca do dhaoine faoi mhíchumas dul ó áit go háit.

  • Faoi mbliain 2009, beidh carráistí nua a bheidh éasca le dul isteach iontu i mbeagnach gach uile thraein phaisinéirí idirchathrach chomh maith le fógraí le léamh agus le cloisteáil agus leithris a bheidh oiriúnach do dhaoine faoi mhíchumas.Tá an chéad cheann díobh in úsáid cheana féin ar an líne idir Baile Átha Cliath agus Corcaigh,
  • Faoin mbliain 2012, beidh gach bus cathrach oiriúnach do dhaoine faoi mhíchumas,
  • Faoin mbliain 2015, beidh na seirbhísí bus idirchathrach agus na stadanna bus níos oiriúnaí do dhaoine faoi mhíchumas,
  • Beidh gach folíne LUAS agus na seirbhísí Metro oiriúnach do dhaoine faoi mhíchumas,
  • Cuirfear feabhas suntasach ar chaighdeán na dtacsaithe agus ar a oiriúnaí is a bheidh siad do dhaoine faoi mhíchumas. Beidh roinnt den eolas a thugtar do phaisinéirí ar fáil i mBraille,
  • Tá ardú go €80 tagtha ar na fíneálacha a ghearrtar ar dhaoine a pháirceálann go mídhleathach i spásanna páirceála do dhaoine faoi mhíchumas. Caithfear súil ar an scéim páirceála do dhaoine faoi mhíchumas chun a chinntiú go mbeidh sí ag obair duitse.

An bhfuil Eolas uait faoi:

b. Thall agus Abhus

Beidh scrúdú déanta ag na húdaráis áitiúla go léir faoi Aibreán 2007 ar na cosáin choise, ar na foirgnimh agus ar na háiteanna poiblí go léir cosúil le háiteanna súgartha, páirceanna agus leabharlanna chun a fháil amach an féidir le daoine faoi mhíchumas úsáid a bhaint astu.

  • Tá sé beartaithe acu anois na háiteanna seo go léir a bheith oiriúnach do dhaoine faoi mhíchumas faoin mbliain 2015 agus cuirfear tús leis an obair sin ar dtús ar na sráideanna agus sna saoráidí is gnóthaí. Rachaidh údaráis áitiúla i gcomhar le daoine faoi mhíchumas agus iad i mbun na bpleananna sin,
  • Cuirfear Straitéis nua Tithíochta le chéile a bheidh dírithe ar freastal a dhéanamh ar riachtanais tithíochta na ndaoine faoi mhíchumas,
  • Beidh sé riachtanach go mbeidh Teastais Rochtana do Dhaoine Faoi Mhíchumas faighte i gcomhair árasáin agus oifigí nua,
  • Tá Lárionad Foirfeachta i nDearadh Uilíoch ag an Údarás Náisiúnta Míchumais a thacóidh le hobair atá ar bun chun comhshaol a bheadh oiriúnach do chách a chruthú,
  • Chomh fada is is féidir é, beidh caisleáin, páirceanna, músaeim agus láithreacha eile oidhreachta oiriúnach do dhaoine faoi mhíchumas faoi dheireadh na bliana 2007.

An bhfuil Eolas uait faoi:

  • Plean Rannach Na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta & Rialtais Áitiúil?

    www.environ.ie
    R-ph: pressoffice@environ.ie
    Lóghlao: 1890 202 021
    Seoladh: Teach an Chustaim, BÁC 1.
    Tá Plean na Roinne le fáil chomh maith ó gach leabharlann phoiblí.

  • Láithreacha Oidhreachta faoi stiúir Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW)?

    www.opw.ie
    R-ph: info@opw.ie
    Lóghlao: 1890 213 414
    Seoladh: 51 Faiche Stiabhna, BÁC 2.

  • An Lárionad Foirfeachta i nDearadh Uilíoch?

    www.nda.ie
    R-ph: ceud@nda.ie
    Lóghlao: 1890 632 631
    Seoladh: 25 Bóthar Chluaidh, BÁC 4.

c. Cumarsáid

Tá rialacha nua tugtha isteach ina leagtar amach amchlár nua do stáisiúin teilifíse na hÉireann chun fotheidil a úsáid ar líon mór dá gcuid clár. Mar shampla, cuirfidh RTÉ fotheidil ar 75% dá chláir faoin mbliain seo chugainn agus beidh fotheidil ar 100% dá chláir faoin mbliain 2015.

Tá cuideachtaí teileafóin agus grúpaí míchumais ag obair i gcomhar leis an gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide (ComReg) chun seirbhísí teileafóin a fheabhsú.

Beidh gach oifig an phoist atá faoi úinéireacht An Post oiriúnach do dhaoine faoi mhíchumas taobh istigh de dhá bhliain faoi réir ag faomhadh riachtanach a bheith faighte.

d. Úsáid Fuinnimh

Tá sé mar aidhm ag an gCoimisiún um Rialáil Fuinnimh (CER) feabhas a chur ar chúrsaí cumarsáide le custaiméirí faoi mhíchumas agus ar na seirbhísí a chuirtear ar fáil do chustaiméirí a gcuireann briseadh ar a soláthar isteach orthu.

e. Ag Iascach

Cuirfidh na Boird Iascaigh níos mó saoráidí ar fáil ar fud na tíre do shlatiascairí faoi mhíchumas.

An bhfuil Eolas uait faoi:

  • Plean Rannach na Roinne Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha?

    www.dcmnr.ie
    R-ph: webmaster@dcmnr.gov.ie
    Lóghlao: 1890 449 900
    Seoladh: 29-31 Bóthar Adelaide, BÁC 2.

  • Teacht ar na seirbhísí craoltóireachta?

    www.bci.ie
    R-ph: info@bci.ie
    Teil: (01) 644 1200

    Seoladh: 2-5 Plás Warrington, BÁC 2.

  • Na Teileafóin nó an t-idirlíon?

    www.askcomreg.ie
    R-ph: info@comreg.ie
    Lóghlao: 1890 229 600
    Seoladh: Bloc DEF, Cúirt na Mainistreach, Ionad an Irish Life, Sráid na Mainistreach Íochtarach, BÁC 1.

  • Ag úsáid oifigí an phoist?

    www.anpost.ie
    R-ph: info@anpost.ie
    Lóghlao: 1850 575 859

    Seoladh: Urlár na Talún, Saorphost Ard-oifig an Phoist, BÁC 1.

  • Úsáid Fuinnimh?

    www.cer.ie
    R-ph: info@cer.ie
    Teil: (01) 400 0800

    Seoladh: An Malartán, Cearnóg Bhelgard Thuaidh,Tamhlacht, BÁC 24.

  • Cúrsaí iascaigh a bhaineann leis an bPríomh-Bhord Iascaigh?

    www.cfb.ie
    R-ph: info@cfb.ie
    Teil: (01) 884 2600
    Seoladh: Campas Gnó Shoird, Soird, Contae Átha Cliath.


Back to top