Réamhrá

Beart dearfach gníomhaíochta

Thug Acht Míchumais 2005 feidhm dlí don chéad uair don pholasaí maidir le cur chun cinn a dhéanamh agus tacaíocht a thabhairt do dhaoine atá faoi mhíchumas a bheith á bhfhostú sa tseirbhís phoiblí. Is comhartha suntasach fearainn é seo do dhaoine atá faoi mhíchumas. Tairgíonn an polasaí seo an deis do dhaoine atá faoi mhíchumas a mbuanna a úsáid i bhfreastal ar an bpobal, agus slite beatha lánbhríocha a bheith acu. Déanann sé soláthar ar an gcreat inar féidir leis an tseirbhís phoiblí, ina fostóir mór, éagsúlacht shochaí na hÉireann a léiriú trína foireann féin, agus tig leis leas a bhaint as an gcuidiú gur féidir le daoine atá faoi mhíchumas a thabhairt.

Cruthaíonn reachtú an pholasaí fostaíochta seo idirghníomhaíocht nua inar féidir le comhlachtaí poiblí a n-iarrachtaí um dhaoine atá faoi mhíchumas a fhostú a athbhreithniú agus a mhéadú agus foghlaim ó thaithí dhaoine eile.

Is aidhm do Chuid 5 den Acht Míchumais deimhin a dhéanamh de dheiseanna fostaíochta do dhaoine atá faoi mhíchumas. Éilítear ar Chomhlachtaí Poiblí cur chun cinn a dhéanamh agus tacaíocht a thabhairt d'fhostú daoine atá faoi mhíchumas, agus deimhin a dhéanamh de, mura bhfuil cúis mhaith ann lena mhalairt, gur daoine faoi mhíchumas 3% den bhfoireann a fhostaítear. Maidir le comhlachtaí poiblí agus Coistí Monatóireachta, níl slánú na sprice de 3% ach gné amháin de ghéilliúntas d'fhorálacha Chuid 5 den Acht. Cuimsíonn géilliúntas gach beartas réasúnta a ghlacadh le daoine atá faoi mhíchumas a fhostú a chur chun cinn sa seirbhís phoiblí agus le tacú lena leithéid. Tá ceist ann chomh maith maidir le leanúint ar aghaidh le haon mholtaí a dhéanfadh an Údarás Náisiúnta Míchumais (NDA) sa todhchaí maidir leis an mbealach ina bhféadfadh comhlacht poiblí feabhas a chur ar ghéilliúntas do Chuid 5 nuair atá siad tite siar dhá bhliain as a chéile.

Fíor obair lánbhríoch a thabhairt do dhaoine atá faoi mhíchumas an tslí is fearr chun an acmhainn a thabhairt dóibh iad féin agus a dteaghlaigh a chothú agus chun taithí agus oiliúint ríthábhachtach a ghnóthú rud a cheadóidh raon de ghairmeacha beatha dóibh. Trí fhorfheidhmiú a dhéanamh ar pholasaithe a chuireann fostaíocht do dhaoine atá faoi mhíchumas chun cinn chomh maith le tacú le polasaithe dá leithéid, agus an sprioc fostaíochta de 3% a bhaint amach, tig le gach aon chomhlacht poiblí difríocht a dhéanamh.

Is beart dearfach gníomhaíochta é an sprioc daoine atá faoi mhíchumas a fhostú sa tseirbhís phoiblí, beart atá ceaptha chun deiseanna fostaíochta agus gairme beatha a dheimhniú do dhaoine go bhfuil baol níos mó ná an meán ann dóibh a bheith eisiata ó shochaí príomhshrutha na hÉireann. Léirigh daonáireamh 2002 nach raibh post ach ag duine as gach ceathrar faoi mhíchumas a bhí in aois oibre, i gcomparáid le 70% de dhaoine neamh-mhíchumasaithe.

Coinneáil post

Tá níos mó ná earcú daoine atá faoi mhíchumas i gceist maidir leis an spriocuimhir d'fostaithe faoi mhíchumas a bhaint amach, tá coinneáil na foirne sin i gceist chomh maith, agus coinneáil na mball foirne gur bhain míchumas díobh le linn a gcuid fostaíochta. Léiríonn na staitisticí go mbaineann mórán de na laigí den duine i rith a s(h)aol oibre, agus dá fhaid a bhíonn duine as an obair, mar a léiríonn an taighde, is mó an seans nach bhfillfidh duine ar an obair. Tá ról tábhachtach ag straitéisí gníomhacha um choinneáil post agus um fhilleadh ar an obair.

Tá an bhunfhreagracht maidir le monatóireacht agus spreagadh ar ghéilleadh do Chuid 5 an Achta ar choistí monatóireachta i ngach ceann de na Ranna Rialtais, a thuairiscíonn ar na comhlachtaí poiblí faoi choimirce a nAire féin agus go dtí an NDA. Tuairiscíonn Ranna Rialtais agus comhlachtaí gur státseirbhísigh an fhoireann atá acu chuig Coiste Monatóireachta an Roinn Airgeadais agus an tAire Airgeadais. Seachas sin, tuairiscíonn comhlachtaí poiblí go dtí an gcoiste monatóireachta agus an tAire ina máthair-Roinn.

Is éard atá sa tuarascáil seo ná achoimre ar fhaisnéis a fuarthas ós na Coistí Monatóireachta Rannacha, ceisteanna a bhaineann le sonraí a bheith á gcomhordú d'fhonn bunachar sonraí níos cruinne agus níos cuimsithí a fhorbairt don todhchaí agus tugann sí léiriú ar chleachtas maith sa tseirbhís phoiblí maidir le cur chun cinn a dhéanamh agus tacaíocht a thabhairt do dhaoine atá faoi mhíchumas a bheith á bhfostú.

Soláthraíonn an tAcht Míchumais sainmhíniú difriúil agus níos teoranta ar mhíchumas ná mar a úsáideadh roimhe seo maidir leis an sprioc neamhreachtúil roimhe seo do dhaoine faoi mhíchumas a bheith á bhfostú san éarnáil phoiblí.

Cáilíocht sonraí

Is é seo an chéad bhliain don chóras nua monatóireachta agus tuarascála a bheith i mbun feidhme, agus tasc dúshlánach a bhí ann ag iarraidh modhanna cruinne agus cuí a fhorbairt chun sonraí a ghabháil ar líon na ndaoine atá faoi mhíchumas atá fostaithe i gcomhlachtaí éagsúla. Mar gheall ar dheacracht agus chastacht an taisc, d'fhéadfadh nach dtabharfadh cuid de na sonraí atá sonraithe sa tuarascáil seo faoi deara na hiarrachtaí agus na gnóthachtana bunúsacha a rinne cuid de na comhlachtaí ábhartha poiblí. Mar shampla, bhain gach Roinn Rialtais agus mórán comhlachtaí eile poiblí leas as suirbhé chun a fháil amach cé mhéid agus cén sciar foirne faoi mhíchumas a bhí fostaithe. Is féidir go raibh nochtadh ina fhadhb chomh maith. Nuair a feidhmíodh suirbhéanna saorálacha bhí na tuairisceáin ag brath ar dhaoine indibhidiúla ag féin-nochtadh míchumais agus go raibh na nochtaithe sin ag teacht le léirmhíniú teoranta míchumais an Achta. Tríd is tríd, ní raibh rátaí freagartha an tsuirbhé go hiomlán comhlíonta agus dá bhrí sin bhí sé deacair a dhéanamh amach go cruinn ar ghéill roinnt áirithe de na comhlachtaí ábhartha poiblí dá sprioc fostaíochta.

Le himeacht ama, nuair a chuirfear modhanna níos láidre um bailiú sonraí i bhfeidhm, beifear ábalta monatóireacht níos cruinne a dhéanamh ar an bhfíorsciar foirne faoi mhíchumas atá fostaithe.

Toisc gur úsáideadh sainmhíniú difriúil ar mhíchumas, agus, i mórán cásanna, modh difriúil, bailithe sonraí chomh maith, ní féidir comparáid a dhéanamh idir thorthaí na tuarascála seo agus figiúirí na mblianta roimhe sin i leith comhlachtaí indibhidiúla poiblí. Tá sé deacair comparáid bhailí a dhéanamh idir thorthaí na gcomhlachtaí poiblí de dheasca na modhanna éagsúla inar bhailigh siad na sonraí.


Ar ais go barr