Leagann an tAcht Míchumais sainmhíniú nua síos chun críche sainithe cé ba cheart a chuimsiú sa sprioc. Seo é an sainmhíniú sin ar mhíchumas:
Srianadh suntasach in acmhainneacht an duine i leith gairm, gnó nó post a chomhlíonadh sa Stát nó a bheith rannpháirteach i saol sóisialta nó cultúrtha sa Stát de dheasca a bheith ag fulaingt ó laige fhisiciúil, chéadfach, shláinte mheabhrach nó intleachta.
Ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil difríocht shuntasach idir an sainmhíniú seo agus sainmhínithe a fhéadfadh a bheith á n-úsáid roimhe sin do chúraimí monatóireachta sprice mar a úsáideadh i gCód Cleachtais na Státseirbhíse 1994 i leith Daoine faoi Mhíchumas a bheith á bhFostú. Go háirithe, i dtéarmaí an tsainmhínithe san Acht Míchumais, caithfidh laige shuntasach agus laige a chuireann srian ar rannpháirtíocht araon a bheith ag duine. Caithfear an sainmhíniú seo a úsáid i leith monatóireacht na sprice ón mbliain 2006 ar aghaidh.
Dearadh an sainmhíniú cuíosach teoranta atá san Acht Míchumais 2005 d'aon toisc chun acmhainní agus beartais dhearfacha a dhíriú ar na réimsí is mó gá. I dtéarmaí na sprice fostaíochta de 3%, is dócha go mbeidh sé níos deacra an sprioc sin a bhaint amach ná mar a bheadh leis an sainmhíniú a bhí ann go dtí seo. Leis an sainmhíniú níos teoranta atá á úsáid anois, b'fhéidir go gcaithfeadh comhlachtaí poiblí iarrachtaí breise a dhéanamh chun foirne faoi mhíchumas a fhostú agus a choinneáil d'fhonn an sprioc a bhaint amach.
Tá tionchar ag úsáid an tsainmhínithe difriúil míchumais i gcomparáid leis an sainmhíniú a úsáidtí chun stádas míchumais a thaifeadadh do chúraimí na sprice neamhreachtúil roimhe seo ar an bpróiseas monatóireachta agus tuairiscithe. Beidh tréimhse choigeartaithe ann sula mbeidh córais um choinneáil taifead ag comhlachtaí poiblí coigeartaithe go hiomlán lena bheith comhoiriúnach leis an sainmhíniú nua. Idir an dá linn, is féidir nach ionann na torthaí a fuarthas i leith 2006 agus taifead cruinn d'fíorlíon na foirne faoi mhíchumas atá fostaithe, i gcás na dtorthaí a bheith bunaithe ar thaifid AD (Acmhainní Daonna) nach raibh go hiomlán comhoiriúnach leis an sainmhíniú nua, nó nuair a bhíodar bunaithe ar fhreagraí neamhiomlána i suirbhé foirne.
Tá tuairiscithe ag coistí monatóireachta ar chásanna nuair nár ionannaigh daoine le laigí iad féin a bheith faoi mhíchumas faoi bhrí an tsainmhínithe san Acht Míchumais, mar shampla i gcásanna nár bhraith daoine go raibh srian orthu ina saol oibre toisc go raibh ar a gcumas na dualgais a leagadh orthu a chomhlíonadh. Trí chóiríocht réasúnta a bheith á sholáthar ag fostóirí is féidir nach mbraithfeadh fostaithe a thuilleadh go bhfuil srian suntasach orthu i leith na fostaíochta.