Faoi alt 48 den Acht Míchumais, is féidir leis an NDA, le comhthoil an Aire iomchuí, formáid na tuarascála atá le húsáid a shainiú. Cuireadh ar gach comhlacht poiblí faisnéis a sholáthar i bhformáid ar leith, ina mbeadh ráiteas inste agus tábla sonraí. Mar an gcéanna, bhí ar gach Coiste Monatóireachta ráiteas inste a chur ar fáil chomh maith le tábla cumaisc sonraí do gach comhlacht poiblí faoina gcoimirce.
Níl sé de chumhacht ag an NDA faoin Acht sonrú a dhéanamh ar conas atá na sonraí chun monatóireacht a dhéanamh ar bhaint amach na sprice fostaíochta a bhailiú. Ar a shon sin, chuir an NDA comhairle, bunaithe ar thuarascáil ó chomhairligh, ar chomhlachtaí poiblí, ar dhá rogha do bhailiú sonraí sa chéad bhliain den chóras nua
D'ullmhaigh an NDA doiciméad de Cheisteanna Coitianta ag díriú ar an sainmhíniú athraithe ar mhíchumas.
D'úsáid gach Roinn Rialtais an suirbhé, faoi mar a rinne roinnt comhlachtaí eile poiblí. Cé gur bhain roinnt de na comhlachtaí beaga poiblí ráta freagartha 100% amach don suirbhé, agus gur féidir glacadh leis go bhfuil a gcuid figiúirí iontaofa, bhí an ráta foriomlán freagartha don suirbhé neamhiomlán den chuid is mó. Tugann na táblaí in Aguisín 1 na rátaí freagartha don suirbhé (nuair a bhí siad ar fáil), cionmhaireacht na foirne faoi mhíchumas ina measc sin a d'fhreagair an suirbhé, agus an chionmhaireacht den fhoireann iomlán fostaithe a bhí i gceist leo. Ní féidir a bhaint as an suirbhé go bhfuil sé ionadaíoch ar an bhfoireann go léir mar níl aon eolas ar fáil a thabharfadh bailíocht dá leithéid de chur chuige. B'fhéidir nach dtabharfadh léiriú ar fhreagróirí an tsuirbhé mar chéatadán den fhoireann iomlán pictiúr cruinn, agus gur chóir go bhféachfaí air mar íosfhigiúr den líon atá faoi mhíchumas atá fostaithe.
Bhí trí cheist sa suirbhé 'Cuir Mise san Áireamh' a ceapadh lena fháil amach an raibh an duine faoi bhrí an léirmhínithe san Achta Míchumais. Bhí Ceist 1 ceaptha lena fháil amach an raibh siad faoi mhíchumas (i.e. laige); D'iarr Ceist 2 eolas ar nádúr na laige sin (fisiciúil, céadfach, sláinte mheabhrach, míchumas intleachta); agus bhí Ceist 3 ceaptha lena fháil amach an raibh an duine, trí laige, srianta go substaintiúil ó thaobh oibre, saol sóisialta nó cultúrtha de dheasca na laige sin, agus ar an mbealach sin faoi bhrí an léirmhínithe ar mhíchumas mar atá leagtha amach san Acht Míchumais.
Ní féidir glacadh ach leo sin a d'fhreagair "Tá" don cheist "srianta go substaintiúil" (Ceist 3) mar dhaoine a bhí faoi bhrí an léirmhínithe san Acht Míchumais. Ar a shon sin, chuir an áirithe sin comhlacht poiblí in iúl don NDA gur chuimsigh a gcuid tuairisceán mar "míchumasaithe" cuid den bhfoireann a d'fhreagair "Tá" ar Cheist 1 ach nár shásaigh an critéar "srianta go substaintiúil" mar atá leagtha amach i gCeist 3. D'iarr an NDA figiúir leasaithe, trí na Coistí Monatóireachta, d'fhonn teacht le léirmhíniú an Achta Míchumais agus úsáideadh na figiúir leasaithe sin, nuair ab ann dóibh, sa tuarascáil sin. Ina theannta, tá an NDA ag obair le comhlachtaí poiblí ar uirlisí nua bailithe sonraí le deimhin a dhéanamh de go seachnófar mearbhall den chineál seo feasta i dtuairisciú ar shonraí an 3%.
Nuair a úsáideadh taifid AD nó eile chun na figiúirí a chur le chéile, ní bhfuair an NDA aon eolas ar cháilíocht ná ar bhailíocht na dtuairisceán seo maidir leis an sainmhíniú nua ar mhíchumas.