Dhéanfaí rangú ar eolas maidir le stádas míchumais mar "eolas íogair pearsanta" i dtéarmaí na nAchtanna um Chosaint Sonraí. Leag staidéir a déanadh roimhe seo béim ar gurbh é an cleachtas a bhí go minic ann ná go ndéanfaí taifead ar fhostuithe sa tseirbhís phoiblí mar dhaoine a bhí faoi mhíchumas ach gan iad a bheith feasach faoi seo. Fiafraíodh san uirlis tuarascála NDA an raibh an fhoireann feasach go rabhthas á n-áireamh mar dhaoine a bhí faoi mhíchumas. De na comhlachtaí poiblí a raibh foireann faoi mhíchumas fostaithe acu, thuairisc 41% acu nach raibh siad feasach go rabhthas á gcomhaireamh don chleachtadh. Ní mar a chéile feasacht agus comhthoil - is féidir go mbeadh comhthoil foirne ar a míchumas a nochtadh ann cheana féin, mar shampla má earcaíodh iad trí chomórtas ar leith.
Chomhairleodh an NDA don Aire go n-éilíonn prionsabail chosanta sonraí go ngnóthódh comhlachtaí poiblí a gcuid faisnéise go cóir. Is í an chomhairle dlí a fuair an NDA ná go bhfuil ar chomhlachtaí poiblí an fhoireann a chur ar an eolas nuair atáthar ag bailiú eolais íogair pearsanta maidir leis an úsáid a bhainfí as na sonraí sin, chomh maith lena n-úsáid mar shonraí staitisticiúla anaithnide, d'fhonn tuairisciú ar sprioc reachtúil.
D'ardaigh roinnt Coistí Monatóireachta ceist na comhthola i mbailiú sonraí mar fhachtóir in ísealtuairisceáin ó chomhlachtaí áirithe, agus leisce ar an fhoireann uaireanta a nochtadh go raibh siad faoi mhíchumas. Tugann taighde idirnáisiúnta le fios go mbíonn leisce ar leith ar dhaoine míchumas sláinte mheabhrach a nochtadh. De réir 'Suirbhé ar Dhearcadh i leith Míchumais" an NDA 2006, is é is dóichí go mbeidh dearcadh diúltach ag daoine eile sa phobal ar dhaoine atá faoi mhíchumas sláinte mheabhrach. Is féidir mar sin go léireodh leisce míchumas a nochtadh sa láthair oibre fíoreagla a bheith ar dhaoine dearcadh nó torthaí diúltacha a fhulaingt. B'fhéidir go mbeidh sé ina réamhchoinníoll go gcothófaí muinín as tacaíocht san ionad oibre d'fonn go bhfaighfí sonraí a bheadh níos cruinne ar leitheadúlacht an mhíchumais in eagraíocht.