Comhlachtaí poiblí

Déanadh an sainmhíniú ar chomhlacht poiblí a úsáideadh in alt 46 a dhearadh chun an oiread comhlachtaí poiblí agus ab fhéidir é a thiomsú lasmuigh de na Fórsaí Cosanta, An Garda Síochána agus oifigigh phríosúin.

Fuair an NDA 217 tacar sonraí don seirbhís sibhialta agus poiblí. I roinnt cásanna, déantar comhchuimsiú ar thuairisceáin do chomhlachtaí poiblí ar státseirbhísigh a bhfoireann sna tuairisceáin dá máthair-Ranna. Níl aon fhoireann ag roinnt comhlachtaí poiblí, agus bíonn foireann a sholáthraíonn máthair-chomhlacht ag cinn eile. Mar shampla, áirítear foireann Chomhairlí Baile lena máthair Chomhairle Contae.

Fuair Coiste Monatóireachta an Roinn Oideachais agus Eolaíochta comhairle dlí nach sásaíonn roinnt comhlachtaí poiblí gach ceann de thrí eilimintí an tsainmhínithe ar chomhlacht poiblí a bhaineann le Cuid 5 (ollscoileanna, Coistí Gairmoideachais agus Coláistí Oideachais); tá sé i gceist acu tuairisciú a dhéanamh orthu seo lasmuigh den phróiseas reachtúil.


Ar ais go barr