Torthaí

Faoi mar atá pléite, ní féidir leis an NDA a bheith muiníneach, sa chéad bhliain seo de thuairisciú, go bhfuil na sonraí go léir a fuarthas go hiomlán iontaofa.

Ar bhonn anailíse an NDA ar na sonraí a fuarthas, bhain íosmhéid de 36% de chomhlachtaí poiblí an sprioc fostaíochta de 3% amach. Tá roinnt cúiseanna curtha ar aghaidh ag Coistí Monatóireachta maidir le cén fáth nach raibh comhlachtaí poiblí in ann an sprioc de 3% a bhaint amach in 2006, agus tá cúiseanna den chineál céanna curtha ar aghaidh ag na Coistí éagsúla Monatóireachta maidir le gan an sprioc a bhaint amach:

  • An srian ar uimhreacha na hearnála poiblí,
  • Tá díormaí beaga foirne ag sciar mór de na comhlachtaí poiblí agus dá bhrí sin tá teorainn leis na deiseanna le duine atá faoi mhíchumas a fhostú,
  • Tá sainchúram an-speisialaithe ag roinnt comhlachtaí poiblí, mar a mbíonn poist speisialtóireachta agus teicniúla a chuireann teorainn leis an méid duine is féidir leo a fhostú. Tá deacracht ann iarrthóirí a aimsiú lena leithéid de scileanna agus de cháilíochtaí,
  • Bíonn roinnt comhlachtaí poiblí i mbun oibre a cheaptar a bheith criciciúil ó thaobh sábháilteachta mar a mbíonn gá le leibhéil áirithe corpacmhainne, deaslámhachta, dírithe, etc. Aithnítear go ginearálta go bhfuil líon íseal de dhaoine atá faoi mhíchumas fostaithe sna réimsí seo,
  • Is eochairthoisc é rochtain i méadú ar dheiseanna fostaíochta do dhaoine faoi mhíchumas. In a lán cásanna ní leis na comhlachtaí an foirgneamh ina bhfuil siad suite. Cuireann seo teorainn lena gcumas athruithe a dhéanamh chun timpeallacht dhearfach a chruthú do dhaoine atá faoi mhíchumas.

Nóta tráchta

Cé nach ndearna 8% de na comhlachtaí poiblí earcaíocht in 2006, rinne comhlachtaí poiblí earcú ar níos mó ná 10,000 duine in 2006, agus bhí 2,266 folúntas breise ann ag deireadh na bliana. Tríd an tseirbhís phoiblí, tá athraithe suntasacha bliantúla ann, a cruthaíonn féidearthachtaí foireann atá faoi mhíchumas a earcú nuair a bhíonn iarrthóirí leis na cáilíochtaí cuí ar fáil. Tugann an NDA faoi deara an cinneadh comórtas earcaíochta a thionól d'Oifigeach Feidhmiúcháin sa státseirbhís in 2007, teoranta d'iarrthóirí faoi mhíchumas. Cruthaíonn an tionscadal 'Toilteanach, Inniúil, Monatóireachta' arna maoiniú ag EQUAL, a sholáthraíonn taithí oibre sa tseirbhís phoiblí do chéimithe atá faoi mhíchumas, samhail chun daoine atá faoi mhíchumas le scileanna atá de dhíth ar an margadh nua-aimseartha fostaíochta a aithint agus le tacaíocht a thabhairt dóibh.

Tá deichniúr nó níos lú fostaithe i 10% de na comhlachtaí poiblí, agus tá níos lú ná 50 duine fostaithe i gceathrú díobh. Aithníonn an NDA na deacreachtaí atá ann d'eagraíochtaí beaga a dteastaíonn uathu foireann atá faoi mhíchumas a fhostú. B'fhéidir go bhfuil bealaí níos samhlaíocha ann inar féidir tacaíocht a thabhairt d'eagraíochtaí beaga daoine atá faoi mhíchumas a fhostú, mar shampla trí thaithí oibre a úsáid.

Arís, admhaíonn an NDA go mb'fhéidir go bhfágfadh ceisteanna sláinte agus sábháilteachta nach mbeadh daoine faoi mhíchumais áirithe oiriúnach do chineálacha áirithe jabanna. Ní grúpa aonchineálach iad daoine atá faoi mhíchumas, áfach, agus is féidir go bhfuil tascanna i réimsí atá criticiúil ó thaobh sábháilteachta de a mbeadh daoine atá faoi mhíchumais áirithe inniúil ar a gcomhlíonadh. Tá réimsí oibre i bhformhór na n-eagraíochtaí ar cheist fhánach í an tsábháilteacht, in airgeadas mar shampla, nó in obair chléireachais.


Ar ais go barr