Iarradh ar na Coistí Monatóireachta samplaí a sholáthar de dhea-chleachtas ina Roinn agus/nó i gcomhlachtaí poiblí atá faoina gcúram.
Tá teist suntasach go dtí seo ag a lán eagraíochtaí san earnáil phoiblí i gcur fostaíochta chun cinn do dhaoine atá faoi mhíchumas, ag cabhrú le coimeád jabanna agus ag cothú timpeallachta oibre atá dearfach do dhaoine atá faoi mhíchumas. Tá na samplaí a luaitear sa chéad tuarascáil seo faoi Chuid 5 den Acht Míchumais teoranta dóibh sin ar thug Coistí Monatóireachta tuairisc sonrach orthu don NDA, ach tá roinnt eagraíochtaí eile ar fud na hearnála poiblí a léiríonn fíorcheannaireacht agus tiomantas maidir le daoine atá faoi mhíchumas a fhostú.
Tá Dámhachtainí Inniúlachta O2 buaite ag a lán comhlachtaí poiblí. Ceiliúrann na dámhachtainí eagraíochtaí agus a gceannairí gnó a n-éiríonn leo oibriú le daoine atá faoi mhíchumas, ag tabhairt luaíochta d'fheabhas proifisiúnta sa réimse seo de bhainistiú daoine. Tá liosta de chomhlachtaí poiblí ar éirigh leo leagtha amach in Aguisín 2.
I Meitheamh 2007, d'eagraigh an NDA seimineár Dea-Chleachtais do chomhlachtaí poiblí a chuir roinnt samplaí de thionscnaimh dea-chleachtais i láthair le cur ar chumas chomhlachtaí eile poiblí foghlaim ón taithí sin. Leanfaidh an NDA ag leithdháileadh dea-chleachtais d'fhonn spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do chomhlachtaí poiblí i bhfostú daoine atá faoi mhíchumas.
Tá a lán bealaí praiticiúla agus éifeachtacha le deiseanna a chur ar fáil do dhaoine atá faoi mhíchumas agus chun na daoine sin ar bhain míchumas díobh le linn a saoil oibre a choimeád. Seo a leanas samplaí de dhea-chleachtas a cuireadh i bhfeidhm tríd an tseirbhís phoiblí.