Oifigigh agus Coistí Sainiúla

Tríd an tseirbhís phoiblí, fostaíonn a lán eagraíochtaí Oifigigh Míchumais/Comhionannais, nó sa státseirbhís, Oifigigh Teagmhála Míchumais, a n-áirítear tacaíocht don fhoireann faoi mhíchumas ina ról. In éineacht lena gcuid oibre laistigh dá n-eagraíochtaí, cuireann na hoifigigh seo roinnt ar eolas agus ar dhea-chleachtas chun cinn go gníomhach trína ngréasáin fhoirmeálta. Ina theannta sin, tá coistí nó comhairlí ar leith ag roinnt comhlachtaí poiblí a thugann aghaidh ar cheisteanna míchumais agus comhionannais. Is iad seo roinnt de na hoifigigh agus de na grúpaí a tuairiscíodh don NDA:

Tá Grúpa Oibre Náisiúnta Comhdheiseanna ag an nGníomhaireacht um Fhostóirí- FSS.

Tá Comhchomhairle ar leith Comhionannais ag BSL a bhfuil mór-ról comhairleach aige i BSL ar gach ceist a bhaineann le comhionannas. Tá ballraíocht ag Ionadaí Míchumais ar an gComhchomhairle Comhionannais seo.

Tá Oifigeach Comhairleach Míchumais lánaimseartha sa Roinn Airgeadais a ceapadh in 2005 chun tathag saineolais a thógáil arbh fhéidir le Ranna Rialtais agus daoine indibhidiúla tarraingt air agus chun saineolas agus tacaíocht a sholáthar i réimsí éagsúla.

Tá Oifigeach Comhionannais/Oifigeach Teagmhála Míchumais lánaimseartha ag Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath chomh maith le hOifigeach Rochtana agus Coiste Comhionannais agus Ilchineálachta. Is ann do Sheirbhís Tacaíochta Foirne lánaimseartha ag tairiscint seirbhíse cuimsithí faisnéise agus comhairleoireachta don fhoireann agus dá dteaghlach.

Tá Oifigeach Rochtana lánaimseartha ag Údaráis Áitiúla Chill Dara chun aghaidh a thabhairt ar cheisteanna a bhaineann le rochtain fhisiciúil agus chun monatóireacht a dhéanamh ar sholáthar rochtana. Tá Oifigeach Comhionannais i mbun Foirne Gníomhaíochta Comhionannais idir-rannach. Tá foireann idir-rannach CRSC (chun Cearta Rochtana a Sholáthar do Chách) bunaithe freisin ag Cill Dara i gcomhar le tionscadal CLRC (Ag Cruthú Lóistín Réasúnta sa Chabhán) Údaráis Áitiúil an Chabháin.

Tapaíonn an Roinn Gnóthaí Eachtracha deiseanna leis an fhoireann a chur ar an eolas maidir leis an Oifigeach Teagmhála Míchumais (OTM) agus na seirbhísí atá ar fáil d'oifigigh atá faoi mhíchumas. Is rannpháirtí gníomhach é an OTM freisin i nGréasán OTM na Státseribhíse.


Ar ais go barr