Straitéisí

Tá Straitéis agus Plean Gníomhaíochta d'Fhostaíocht do Dhaoine faoi Mhíchumas sa tSeirbhís Sláinte críochnaithe le déanaí ag Gníomhaireacht um Fhostóirí-FSS. Is aidhm don straitéis cabhrú le fostóirí seirbhíse sláinte a ndualgais faoin Acht um Chomhionannas Fostaíochta 1998 agus 2004 agus Acht Míchumais 2005 a chomhlíonadh d'fhonn rochtain iomlán agus cothrom ar dheiseanna fostaíochta a sholáthar do dhaoine atá faoi mhíchumas agus a chinntiú go gcoimeádtar daoine atá faoi mhíchumas i bhfostaíocht (chomh maith le fostaithe ar bhain míchumas díobh le linn a saol oibre). Tá roinnt cuspóirí agus gníomhaíochtaí comhfhreagracha sa phlean gníomhaíochta. Ar na cuspóirí seo tá:

  • A chinntiú go mbíonn rochtain chothrom ag daoine atá faoi mhíchumas ar dheiseanna fostaíochta
  • Feabhas a chur ar dhaoine atá faoi mhíchumas a choimeád laistigh den tseirbhís sláinte
  • Oideachas a chur ar bhainisteoirí líne maidir lena ról i gcur comhdheiseanna chun cinn agus i bhfreastal ar ilchineálacht

Tá an Straitéis agus an Plean Gníomhaíochta á gcur i bhfeidhm faoi láthair ar fud na seirbhíse sláinte.

Tá sé ar intinn ag Teagasc a ndoicimeád cuimsitheach Polasaí Míchumas a sheoladh dá bhfoireann go léir roimh dheireadh 2007. Tá sé ar intinn acu suirbhé cáilíochtúil agus cainníochtúil a dhéanamh ar mhíchumas trí mhí tar éis dóibh an polasaí a sheoladh. Ní hamháin go mbeidh sé mar chuspóir aige seo a shocrú cad é líon na foirne atá faoi mhíchumas anois, ach níos tábhachtaí fós, a dhéanamh amach cad é dearcadh na bhfostaithe ar chur chuige Teagasc maidir le daoine atá faoi mhíchumas.


Ar ais go barr