Tá athbhreithniú á dhéanamh ag an Roinn Airgeadais faoi láthair ar a Cód Cleachtais d'Fhostú Dhaoine atá faoi Mhíchumas sa Státseribhís 1994. Tá an foilseachán seo dírithe ar gach Roinn agus gníomhaireacht Rialtais nuair is státseirbhísigh iad an fhoireann. Áirítear ann polasaí ar earcaíocht, fáiltiú agus comhtháthú san ionad oibre, forbairt ghairmréime, cóiríocht agus trealamh, sábháilteacht agus gnásanna aslonnaithe.
Ar na polasaithe atá sa tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí faoi láthair, tá Cód Cleachtais ar dhaoine atá faoi mhíchumas a earcú, Cairt ar Dhínit san Ionad Oibre agus Polasaí Comhionannais agus Ilchineálachta.
Tá Cód Cleachtais curtha ar fáil ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath le físeán traenála faoi mhíchumas san ionad oibre.
Tá Cód Cleachtais i bhfeidhm ag Údaráis Áitiúla Chill Dara d'fhostú daoine atá faoi mhíchumas. Déanfar athbhreithniú air seo mar chuid de chlár oibre 2007 na Foirne Gníomhaíochta Comhioannais.