Treoirlínte

Tá forbairt déanta ag an nGrúpa Oibre Náisiúnta um Chomhdheiseanna faoi choimirce FSS-Gníomhaireacht um Fhostóirí ar "Threoirlínte d'Fhostú Daoine atá faoi Mhíchumas". Is aidhm do na Treoirlínte cabhrú le AD agus le bainisteoirí líne a ndualgais, faoi mar atá leagtha amach san Acht um Chomhionannas Fostaíochta 1998 agus 2004, a thuiscint agus cabhrú leo comhdheiseanna a chur chun cinn san ionad oibre. Clúdaíonn an doiciméad na gnéithe suntasacha a bhaineann le hearcú agus roghnú, ionduchtú agus promhadh agus traenáil agus forbairt ghairmréime chomh maith le soiléiriú a sholáthar ar cad is brí le cóiríocht réasúnta.

Déanadh suirbhé míchumais ar fhoireann iomlán na gCoimisinéirí Ioncaim i Márta 2006. Ar na céimeanna a glacadh mar thoradh air seo bhí cur le chéile Treoirlínte Feasachta Míchumais a dháilfear ar an bhfoireann iomlán.


Ar ais go barr