Cóiríocht, Feasacht agus Rochtain Réasúnta

Tá cineálacha éagsúla cóiríochta réasúnta á gcur chun cinn ag an Roinn Airgeadais. Is cineál cóiríochta réasúnta é postroinnt a cheadaíonn do dhuine oibriú ar feadh líon seasta laethanta/uaireanta i rith na seachtaine. Tá pá agus teidlíochtí ar bhonn pro rata. Is cineál eile cóiríochta réasúnta é teilea-oibriú a cheadaíonn do dhuine oibriú sa bhaile i rith na seachtaine go léir nó cuid di. Coinníonn an fostaí láithreacht san oifig go leictreonach trí ríomhaire, teileafón, facs agus r-phost. Tá pleananna r-oibre á bhforbairt ag Ranna agus Oifigí Rialtais, agus cuirfear i bhfeidhm iad don fhoireann ar bhonn piolótach áit ina gceaptar r-obair a bheith iomchuí.

Tá clár feasachta traenála Míchumais agus Comhionannais ceaptha ag na Coimisinéirí Ioncaim a bhfuiltear ar tí é a sholáthar don fhoireann.

Sa Roinn Gnóthaí Eachtracha soláthraítear clár feasachta míchumais ar bhonn rialta. Tá sé ar fáil don fhoireann ar fad agus áirítear orthu sin a fhreastlaíonn air bainisteoirí líne, foireann a oibríonn le hais a gcomhghleacaithe atá faoi mhíchumas, comhghleacaithe atá faoi mhíchumas agus baill de bhoird agallaimh. Ar shamplaí de stáisiúin oibre ar ghlac Gnóthaí Eachtracha leo tá na cinn a bhaineann le daoine a úsáideann cathaoir rotha, oifigigh a mbíonn scáileán réidh uathu, soláthar spéaclaí d'úsáid ATF, soláthar bogearraí ar a n-áirítear téacs JAWS go closbhogearraí do lucht lagamhairc, clostéacs Dragon Naturally Speaking go gnáth-théacs, trealamh trascríbhinne Ríomhaire Glúine, trealamh cabhraíochta Braille, sásanna láimhe teileafóin agus téacsfóin mionathruithe. Déanann Oifig na nOibreacha Poiblí obair thar ceann na Roinne le hinrochtaineacht ar na hoifigí a fháil amach agus athruithe a dhéanamh dá réir. Tá socruithe déanta ag an Roinn freisin le conraitheoirí príobháideacha d'iniúchtaí inrochtaineachta maidir le foirgnimh agus stáisiúin áirithe mar fhreagra ar riachtanais chomhghleacaithe atá faoi mhíchumas.

Soláthraítear traenáil Teanga Chomharthaíochta d'fhoireann Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath d'fhonn cumarsáid a dhéanamh le comhghleacaithe agus custaiméirí. Tá Córas Foláirimh do Bhodhráin curtha isteach le córas neamhspleách foláirimh a chinntiú don fhoireann agus do chustaiméirí go háirithe don ghá atá le Druileanna aslonnaithe tine/tine i gcás éigeandála.

Tá traenáil Feasachta Míchumais, ag áireamh traenála Teanga Chomharthaíochta, ar siúl go leanúnach, in Údaráis Áitiúla Chiarraí. Déantar traenáil go hinmheánach ar fhoirne iniúchta rochtana agus tá na sceidil oibre gníomhaíochta leasúcháin a bhíonn ann mar thoradh orthu ina mbonn leis an bPlean Forfheidhmiúcháin. Clúdaíonn seo rochtain fhisiciúil ar na timpeallachtaí tógtha agus seachtracha agus rochtain ar sheirbhísí. Ní hamháin go dtugann an Plean Forfheidhmiúcháin sonraí ar a bhfuil ar siúl ag na húdaráis chun feabhas a chur ar rochtain ach tá tiomnú ann leanúint lena bhfuil déanta go dtí seo.

Cuirtear inrochtaineacht uilíoch chun cinn in Údaráis Áitiúla Mhuigh Eo agus tá Traenáil Feasachta Míchumais curtha ar fáil don fhoireann go léir.

Tá Comhairle Cathrach na Gaillmhe ag déanamh cinnireachta ar Ghrúpa Oibre de Bhord Forbartha Chathair na Gaillmhe, a bunaíodh chun rochtain níos fearr a chur chun cinn ar thraenáil agus ar fhostaíocht do dhaoine atá faoi mhíchumas. Tionóladh seimineáir do dhaoine atá faoi mhíchumas agus d'fhostóirí. Tá an chomhairle tiomanta na tionscnaimh agus na céimeanna dea-chleachtais a d'aithin an grúpa a chur i bhfeidhm.

Leanann Údaráis Áitiúla Chill Dara le traenáil feasachta míchumais a chur ar fáil. Tá traenáil curtha ar os cionn 100 den fhoireann go dtí seo. Soláthraítear trealamh speisialtóireachta ríomhaireachta freisin, nuair is gá, chun cabhrú le baill den fhoireann atá faoi mhíchumas. Seiceáiltear gach seomra agallaimh ó thaobh inrochtaineachta de. Soláthraítear ateangairí Teanga Chomharthaíochta nuair a bhíonn gá leo. Cuirtear gach folúntas ar shuíomh gréasáin FÁS.

Soláthraíonn Comhairle Contae Thiobraid Árann Theas trealamh speisialtóireachta ríomhaireachta, nuair is gá, chun cabhrú le baill den fhoireann atá faoi mhíchumas.

Soláthraítear traenáil Feasachta Míchumais don fhoireann go léir sa tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.

Soláthraíonn Bord Eolais na Saoránach (BES) cúntóir pearsanta lánaimseartha do bhall den fhoireann atá faoi mhíchumas gluaiseachta. Tá lánrochtain ar a n-oifigí. Seiceáiltear gach ionad seachtrach ina gcuirtear teagmhais de chuid Bhoird Eolais na Saoránach ar siúl lena chinntiú go mbíonn siad inrochtana. Cuirtear stáisiúin oibre in oiriúint (m.sh. soláthraítear gléasanna speisialtóireachta cinn, troscán saincheaptha oifige, formhéadú scáileáin RP).


Ar ais go barr