Earcú agus Coinneáil

Tá comórtas ag Údaráis Áitiúla Chill Dara d'Oifigigh Chléireachais, atá teoranta d'iarrthóirí atá cláraithe nó incháilithe le bheith cláraithe le FÁS mar dhaoine atá faoi mhíchumas, a chuirtear ar siúl ar bhonn rialta.

Cuireann Comhairle Contae Thiobraid Árann Theas comórtas d'Oifigigh Chléireachais ar siúl ar bhonn rialta a bhíonn teoranta d'iarrthóirí atá cláraithe nó incháilithe le bheith cláraithe le FÁS mar dhaoine atá faoi mhíchumas. Ina theannta sin, fiafraítear d'iarratasóirí, ar gach post, nuair a thugtar cuireadh dóibh freastal ar agallamh, an bhfuil aon socrú ar leith de dhíth orthu.

I gCiarraí bíonn polasaithe ar earcaíocht, ar fhorbairt agus ar choinneáil príomhshruthaithe den chuid is mó. Tá soláthar i bpolasaí coinneála foirne do chomhairliúchán agus do mheasúnú, nuair is gá, le cur ar chumas an fhostaí fanacht ag obair.

Tá polasaí ag Comhairle Contae Thiobraid Árann Theas, nuair is féidir é, baill den fhoireann a thagann faoi mhíchumas agus nach féidir leo leanúint orthu sa phost a bhí acu ar dtús a atraenáil m.sh. d'atraenáladh oibrí ginearálta chun dualgais chléireachais a chomhlíonadh.

Tá foirm iarratais nuadheartha ag Bord Eolais na Saoránach (BES) a cheadaíonn d'iarrthóirí atá faoi mhíchumas aon riachtanais speisialta atá acu a chur in iúl do BES. Bíonn gach ionad agallaimh go hiomlán inrochtana agus soláthraítear closlúba.

Tá éascú déanta ag BES ar thógáil saoire speisialta agus ar uaireanta oibre a laghdú chun freastal ar bhaill den fhoireann a bhraith gur ghá dóibh athrú a dhéanamh ar a bpatrúin oibre de dheascadh mhíchumais a bhain díobh. Nuair a bhíonn ball nua den fhoireann faoi mhíchumas nó nuair a bhaineann mí chumas de bhall den fhoireann, agus tar éis plé a dhéanamh leis an mball den fhoireann agus lena mbainisteoir líne faoin ngá atá le measúnú, cinntíonn an BES go ndeántar measúnú tráthúil chun gach beartas réasúnta agus praiticiúil a bhaineann le hábhar a aithint. Cuirtear na beartais a mholtar i bhfeidhm agus déantar athbhreithniú rialta ar na beartais seo lena chinntiú go bhfuil siad oiriúnach do riachtanais an duine sin agus, nuair is gá é, déantar measúnaithe eile fós.

In 2006, chuir BES Clár Leasa Fostaí (CLF) i bhfeidhm chun cúnamh a thabhairt don fhoireann déileáil le fadhbanna pearsanta nuair a bhíonn tionchar acu ar fheidhmíocht a gcuid oibre nó ar a bhfreastal. Is í aidhm na seirbhíse ná cabrú le fostaithe agus is ar bhonn deonach a bhíonn daoine rannpháirtíocht inti. Tá an CLF ar fáil do gach fostaí, beag beann ar sheirbhís nó ar stádas fostaíochta.


Ar ais go barr